Láthair Dé
Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé.
Tá tearmann agam i gcroí mo Thiarna
a bhíonn mar neart i mo laigí
agus mar shólásaí in amanna an bhróin.
Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé.
Tá tearmann agam i gcroí mo Thiarna
a bhíonn mar neart i mo laigí
agus mar shólásaí in amanna an bhróin.
Tá saoirse agam.
Nuair a fhéachaim ar na focail sin i scríbhinn cruthaíonn siad iontas ionam.
Buíochas le Dia as ucht saoirse a bheith agam.
I láthair mo Chruthaitheora,
féachaim go macánta ar mo mhothúcháin i rith an lae
- na buaiceanna, na pointí ísle agus an gnáthlá.
Cá raibh Dia i láthair?
“Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh. Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. Nó cén duine agaibh a n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an sínfidh sé nathair nimhe chuige? Dá bhrí sin, más eol daoibhse, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad?
“Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.”
A Íosa, labhraíonn tú liom trí chomhrá na soiscéal.
Déanfaidh mé mo dhícheall freagra a thabhairt ar ghlaoch Dé.
Cabhraigh liom saothar do láimhe a aithint i ngnáthimeachtaí an lae.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.