User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2021-04-11

Láthair Dé

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé.
Tá tearmann agam i gcroí mo Thiarna
a bhíonn mar neart i mo laigí
agus mar shólásaí in amanna an bhróin.

Saoirse

Tá sé fuirist a bheith gafa le cúraimí an tsaoil
agus le háirgí saolta.
Cabhraigh liom, a Thiarna, gan a bheith santach ná leithleasach.
Meabhraigh dom go bhfuil na nithe is fearr saor in aisce
- grá, gáire agus roinnt lena chéile.

Tabhair faoi deara

Agus a fhios agam go bhfuil grá gan choinnníollacha ag Dia dom,
féachaim siar go macánta ar an lá – na heachtraí agus mo mhothúcháin.
An bhfuilim buíoch as aon rud?
Gabhaim buíochas le Dia.
An bhfuil brón orm faoi rud ar bith?
Iarraim maithiúnas.

 

Briathar Dé

Eoin 20:19-31

Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!” Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. Dúirt Íosa leo ansin arís:

“Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise,táimse do bhur gcursa uaim freisin.” Arna rá sin dó, d’análaigh sé orthu agus dúirt leo: “Glacaigí an Spiorad Naomh.

Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh; na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.” Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa. Dúirt na deisceabail eile leis: “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach dúirt seisean leo: “Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.” Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh!” Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.” D’fhreagair Tomás: “Mo Thiarna agus mo Dhia!” Dúirt Íosa leis: “De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.” Bhí go leor fearta eile fós a rinne Íosa os comhair a dheisceabal, agus níl aon chur síos orthu sa leabhar seo. Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.

 

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Leagann Tomás a lámha i gcréachtaí Íosa. Meallann an teagmháil an chéad dearbhú iomlán ar dhiagacht Chríost uaidh. “Mo Thiarna agus mo Dhia!” Daonna go hiomlán, diaga go hiomlán. Daonna go síoraí, diaga go síoraí. Glóirítear a nádúr daonna, díreach mar a dhaonnaítear a dhiagacht. Beidh ár ndaonnacht de shíor Ann. Fanann a dhiagacht ionainn agus fanfaidh go deireadh an domhain linn fiú.

Comhrá

A Thiarna, uaireanta déanaim machnamh
ar na focail a rithfeadh liom dá mbuailfinn leat.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat
as a bheith in éineacht liom de shíor,
go háirithe in am an ghátair
nuair a bhíonn tú liom i slí speisialta.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha