User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2021-06-08

Láthair Dé

Moillim ar feadh nóiméid i láthair Dé.
Tá Dia timpeall orm, tá sé i ngach ball dem' chorp.
Tá sé i ndoimhneacht mo chroí.

Saoirse

Ní mór dom an fothram a dhúnadh amach,
gan aird a thabhairt air -
fothram a chuireann isteach orm,
a loiteann an ciúnas agus an tsíocháin.
Ní mór dom éisteacht le Dia.

Tabhair faoi deara

I láthair mo Chruthaitheora,
féachaim go macánta ar mo mhothúcháin i rith an lae
- na buaiceanna, na pointí ísle agus an gnáthlá.
Cá raibh Dia i láthair?

Briathar Dé

Matha 5:13-16

"Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann. Is sibhse solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt. Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach. Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Íonghlanann, blaistíonn agus leasaíonn salann. Trínár saol a bheith dírithe ar an Soiscéal, teastaíonn ó Íosa go mbeimis mar bhlastanas sainiúil inár gcomhphobail.
  • Nuair is cuma le Críostaí faoi dhaoine eile nó nuair nach mbíonn aon luí aige leo, go díreach is duine beag de mhaith é, duine nach fiú faic é
  • Ní foláir dom ligean do theachtaireacht Íosa a fheiceáil go soiléir trí m’fhocail agus trí mo ghníomhartha. Gealann an mhaitheas an deontóir agus an faighteoir araon. Seasaim ar son chearta córa “rudaí beaga” Dé. Oibrím i gcomhair domhain a mbeadh an cineáltas, an tsíocháin agus an grá ann.

Comhrá

Tosaím ag déanamh comhrá le hÍosa
faoin sliocht scrioptúir atá díreach léite agam.
Cén chuid de a théann i bhfeidhm orm?
Comhrá le cara b’fhéidir, nó scéal éigin a chuala mé ó chianaibh.
B’fhéidir go bhfuil teachtaireacht sa scéal dom faoin sliocht scrioptúir.

 

 

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha