User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2021-06-11

Láthair Dé

Agus mé i mo shuí anseo, is comharthaí iad,
bualadh mo chroí, tuile agus trá m'anála, gluaiseachtaí m'aigne,
comharthaí go bhfuil Dia fós do mo chruthú.
Moillim ar feadh nóiméid, agus tógaim faoi ndeara
Láithreacht seo Dé istigh ionam.

Saoirse

Deir Naomh Iognáid Loyola go múineann Dia mé
díreach mar a mhúineann múinteoir a dhalta.
Meabhraím dom féin go bhfuil Dia ag mo mhúineadh de shíor.
Iarraim grásta Dé chun cabhrú liom éisteacht
agus a ligean do Dhia mé a athrú, a mhúnlú agus a athmhúnlú.

Tabhair faoi deara

Agus a fhios agam go bhfuil grá gan choinnníollacha ag Dia dom,
féachaim siar go macánta ar an lá – na heachtraí agus mo mhothúcháin.
An bhfuilim buíoch as aon rud?
Gabhaim buíochas le Dia.
An bhfuil brón orm faoi rud ar bith?
Iarraim maithiúnas.

 

Briathar Dé

Eoin 19:31-37

Níorbh aithnid dom féin é, ach is chun go nochtfaí d'Iosrael é a tháinig mé ag baisteadh le huisce." Agus thug Eoin fianaise: "Chonaic mé," ar sé, "an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air. Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: 'An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.' Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé."
Lá arna mhárach arís bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail. Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: "Seo é Uan Dé." Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default

Comhrá

A Íosa, labhraíonn tú liom trí chomhrá na soiscéal.
Déanfaidh mé mo dhícheall freagra a thabhairt ar ghlaoch Dé.
Cabhraigh liom saothar do láimhe a aithint i ngnáthimeachtaí an lae.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha