User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2021-06-14

Láthair Dé

Agus mé i mo shuí anseo, is comharthaí iad,
bualadh mo chroí, tuile agus trá
m'anála, gluaiseachtaí m'aigne,
comharthaí go bhfuil Dia fós do mo
chruthú.
Moillim ar feadh nóiméid, agus tógaim faoi ndeara
Láithreacht seo
Dé istigh ionam.

Saoirse

An rud is mó a chuireann bac orm i dtaobh saoirse 
ná an claonadh atá ionama bheith gafa le mianta 
nó cuspóirí áirithe a shroicheadh – eagla, dóchas agus uaillmhian.
Cuirim srian ar an tsaoirse ionam chun fás agus forbairt a iniúchadh.
Iarraim ar Dhia cabhrú liom chun an tsaoirse ionam féin a aithint
agus chun glacadh le dúshláin nua
a threoróidh mé ar chúrsa de réir toil Dé.

Tabhair faoi deara

Mairim i gcomhluadar – bainteach le nádúr, le daoine, le Dia.
Ag machnamh ar an gceangal seo
gabhaim buíochas as an mbeatha a shníonn tríothu.
Uaireanta bíonn briseadh: brón, fearg, díomá.
Cabhraigh liom a Dhia glacadh le cúrsaí faoi mar atá
agus maithiúnas a thabhairt.

Briathar Dé

Matha 5:38-42

"Chuala sibh go ndúradh: 'Súil ar shúil, fiacail ar fhiacail.' Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin; agus an té a chuirfeadh an dlí ort chun do léine a bhreith uait, scaoil leis do bhrat chomh maith. An té a chuireann d'fhiacha ort dul aon mhíle amháin leis, gabh leis an dá mhíle. An té a iarrann rud ort, tabhair dó é, agus an té arb áil leis iasacht uait, ná tabhair leis do chúl."

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default

Comhrá

A Thiarna, uaireanta déanaim machnamh
ar na focail a rithfeadh liom dá mbuailfinn leat.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat
as a bheith in éineacht liom de shíor,
go háirithe in am an ghátair
nuair a bhíonn tú liom i slí speisialta.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha