User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2021-07-21

Láthair Dé

Is ionann 'bheith i láthair' agus teacht mar atá tú

agus a bheith oscailte don duine eile.

Ag an nóiméad seo, agus mé ag teacht anseo, tá Dia i láthair ag fanacht liom.

Bíonn Dia ann romham i gcónaí, ag iarraidh teagmháil liom,

fiú níos mó ná an cara is dlúithe atá agam

Tógaim nóiméad chun fáiltiú roimh mo Dhia grámhar.

Saoirse

Tá saoirse agam.
Nuair a fhéachaim ar na focail sin i scríbhinn cruthaíonn siad iontas ionam.
Buíochas le Dia as ucht saoirse a bheith agam.

Tabhair faoi deara

Tá scíste ó chúraimí an lae riachtanach dúinn go léir.
Tuigimid go gcaithfidh ár gcoirp sos a fháil.
Nuair a bhímid i gcomhluadar Dé ardaítear ár spiorad
agus braithimid suaimhneas croí agus aigne.

Briathar Dé

Matha 13:1-9

Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach. Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas. Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d’eascair sé gan mhoill. Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d’fheoigh sé de cheal fréimhe. Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d’fhás an deilgneach aníos agus phlúch é. Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Tá slánú ar fáil dúinn trí pharabail Íosa chun go gcloisfidh agus go dtuigfimid conas a sheasann cúrsaí idir Dia agus sinne. Is seoidíní grásta iad a thástáileann toilteanas ár gcroí géilleadh do fhlaithiúlacht Dé.
  • ‘An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.’ Tá mise i gceist chomh maith! Nuair a chromaim ar urnaí, an bhfuil mo chroí oscailte mar a bheadh ina ithir do bhriathar agus do theagasc Íosa? An bhfuilim toilteanach ceadú dá Bhriathar briseadh isteach i mo chroí druidte?

Comhrá

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena chéile.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha