User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2021-09-14

Láthair Dé

A Thiarna Dia mo Chruthaitheoir,
bí gar dom anois.
Tá m’anam ag tnúth le do chuideachta.

 

Saoirse

"Is beag duine a aithníonn an áilleacht a chruthódh Dia
dá ligfidis dó iad a mhúnlú." (Naomh Iognáid)
Iarraim grásta Dé muinín iomlán a bheith agam as a ghrá.

Tabhair faoi deara

Tá scíste ó chúraimí an lae riachtanach dúinn go léir.
Tuigimid go gcaithfidh ár gcoirp sos a fháil.
Nuair a bhímid i gcomhluadar Dé ardaítear ár spiorad
agus braithimid suaimhneas croí agus aigne.

Briathar Dé

Eoin 3:13-17

Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh, ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine [atá ar neamh]. Faoi mar a d’ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú, i dtreo, gach duine a chreideann ann, go mbeidh an bheatha shíoraí aige. Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige. Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Is i móradh na Croise atá paradacsa bunúsach ár gcreidimh in Íosa Críost. Ar bhealach éigin creidimid gur de dheasca fhulaingt Íosa a slánaíodh sinn agus go n-iarrtar orainn an creideamh seo a chur in iúl trínár bhfulaingt féin a cheangal lena chuidse. Agus é seo á dhéanamh agam creidim go dtugann sé mo chuid fulaingthe slán ó bheith gan chiall agus go gcuireann sé chun cinn slánú an domhain ón bhfulaingt.
  • Féachaim le hionadh ar dhoimhneacht eagna Dé agus a thrócaire. Adhraim Íosa céasta agus iarraim go mbeinn thar a bheith buíoch os comhair na rúdiamhaire seo.

Comhrá

A Thiarna, uaireanta déanaim machnamh
ar na focail a rithfeadh liom dá mbuailfinn leat.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat
as a bheith in éineacht liom de shíor,
go háirithe in am an ghátair
nuair a bhíonn tú liom i slí speisialta.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha