User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2021-09-17

Láthair Dé

Tá Dia anseo liom, anois, fiú muna bhfeicim é le mo shúile.
Ní tharraingím anáil gan é.
Tá Sé níos cóngaraí dom ná mar atá mé dom féin.
Cuimhním ar rúndiamhar Dé ionam agus timpeall orm.

Saoirse

Tá sé fuirist a bheith gafa le cúraimí an tsaoil
agus le háirgí saolta.
Cabhraigh liom, a Thiarna, gan a bheith santach ná leithleasach.
Meabhraigh dom go bhfuil na nithe is fearr saor in aisce
- grá, gáire agus roinnt lena chéile.

Tabhair faoi deara

Tá scíste ó chúraimí an lae riachtanach dúinn go léir.
Tuigimid go gcaithfidh ár gcoirp sos a fháil.
Nuair a bhímid i gcomhluadar Dé ardaítear ár spiorad
agus braithimid suaimhneas croí agus aigne.

Briathar Dé

Lúcás 8:1-3

Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag á thionlacan chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti - agus Ióánna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Anseo feicimid Íosa mar fhear a raibh misean aige agus a raibh sé an-díograiseach faoi. Is é an rud a bhí i gceist ná dea-scéala ríocht Dé a fhógairt agus a thabhairt do dhaoine. Is mar sin a chuirtear síos air sa sliocht seo. Guím gur mar seo a thuigfidh mise fosta mo mhisean féin. Guím go mbeidh an grásta céanna ag an Eaglais.
  • Thuig Íosa i gcónaí a mhisean mar rud a bhí le déanamh aige le daoine eile agus ní mar mhisean a bhí le déanamh aige ina aonar. Ag amharc dom ar na daoine a roghnaigh sé fiafraím díom féin cad ba mhian leis a insint dúinn tríd an rogha seo.

Comhrá

I gcomhrá bíonn caint agus éisteacht i gceist.
Chomh maith le bheith ag caint le hÍosa ní mór dom a bheith socair agus éisteacht le hÍosa.
Samhlaím séimhe ina shúile le linn dó a bheith ag féachaint orm go grámhar, lúcháireach.
Is féidir liom a bheith macánta le hÍosa le linn dom mo chúraimí agus mo bhuarthaí a scaoileadh leis ó íochtar mo chroí.
Iarraim ar Íosa cabhrú liom mo mhuinín a chur ann go hiomlán toisc go dtuigim go dtugann sé an rud is fearr dom i gcónaí.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha