User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2021-12-02

Láthair Dé

Cuimhním ar conas a mhaireann Dia inar chruthaigh sé.
Maireann sé ionam féin, ag bronnadh orm a bheith ann fiú.
Tugann Dia dom beatha, mothú agus tuiscint.
Déanann sé a theampall díom.
Is ar a dheilbh agus a chosúlacht féin a cruthaíodh mé. (Naomh Iognáid)

Saoirse

Ní mór dom an fothram a dhúnadh amach,
gan aird a thabhairt air -
fothram a chuireann isteach orm,
a loiteann an ciúnas agus an tsíocháin.
Ní mór dom éisteacht le Dia.

Tabhair faoi deara

Conas atáim inniu? Maidir le Dia, conas atáim?
An bhfuilim buíoch as aon rud? Más' ea, gabhaim buíochas leis.
An bhfuil brón orm faoi aon rud? Más' ea, iarraim maithiúnas air.

Briathar Dé

Matha 7:21, 24-27

Ní hé gach aon duine a deir liom: ‘A Thiarna, a Thiarna!’ a rachaidh isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té a dhéanann toil m’Athar atá ar neamh. “Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig: thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus ghabh siad ar an teach sin, ach níor thit sé, mar bhí bonn carraige faoi. “Ach duine ar bith a chluineann na briathra seo a deirim agus nach ndéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear gan tuiscint a thóg teach dó féin ar an ngaineamh:

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Is é an Tiarna an Charraig shíoraí, deir Íseáia fáidh. Mar sin bíodh muinín agat as an Tiarna go deo. “Óir d’ísligh sé an dream a bhí ar na harda; leagann sé an chathair mhaorga.” Ach ar an lámh eile, is feidir leis na daoine dílse a rá: is mar bhallaí agus mar bhábhúin an bua a fhaigheann sé . . . tá cathair láidir againn” (Íseáia 26) Lá ar bith feasta, tá sé chun teacht agus sinn a chur faoi chosaint.
  • Is é an Tiarna atá ina ‘charraig na n-aoiseanna’. (Bíobla Is: 26.4). Pointe socair é sin, cé go mbíonn na céadta bliain ag guairneán timpeall. Is duine láidir i lár baill é an Tiarna ar féidir linn ár saol a bhunú air. Más dílis muid don Tiarna, is dílis an Tiarna dúinne.

Comhrá

A Íosa chuir tú fáilte roimh pháistí i gcónaí.
Cabhraigh liom brath ort ar nós pháiste
agus a fhios a bheith agam nach dtréigfidh tú riamh mé.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha