Láthair Dé
Agus mé i mo shuí anseo, is comharthaí iad,
bualadh mo chroí, tuile agus trá m'anála, gluaiseachtaí m'aigne,
comharthaí go bhfuil Dia fós do mo chruthú.
Moillim ar feadh nóiméid, agus tógaim faoi ndeara
Láithreacht seo Dé istigh ionam.
Agus mé i mo shuí anseo, is comharthaí iad,
bualadh mo chroí, tuile agus trá m'anála, gluaiseachtaí m'aigne,
comharthaí go bhfuil Dia fós do mo chruthú.
Moillim ar feadh nóiméid, agus tógaim faoi ndeara
Láithreacht seo Dé istigh ionam.
Ní mór dom an fothram a dhúnadh amach,
gan aird a thabhairt air -
fothram a chuireann isteach orm,
a loiteann an ciúnas agus an tsíocháin.
Ní mór dom éisteacht le Dia.
Tá scíste ó chúraimí an lae riachtanach dúinn go léir.
Tuigimid go gcaithfidh ár gcoirp sos a fháil.
Nuair a bhímid i gcomhluadar Dé ardaítear ár spiorad
agus braithimid suaimhneas croí agus aigne.
An triú lá bhí pósadh i gCána sa Ghailíl agus bhí máthair Íosa ann. Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail. Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le Íosa: “Níl aon fhíon acu.” Dúirt Íosa léi: “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m’uairse tagtha fós.” Dúirt a mháthair leis an lucht freastail: “Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.” Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann. Dúirt Íosa leo: “Líonaigí na soithí suas le huisce.”Agus líon siad go béal iad. Dúirt sé leo: “Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é.” Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta, agus dúirt leis: “Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád. Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois.” Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.
I gcomhrá bíonn caint agus éisteacht i gceist.
Chomh maith le bheith ag caint le hÍosa ní mór dom a bheith socair agus éisteacht le hÍosa.
Samhlaím séimhe ina shúile le linn dó a bheith ag féachaint orm go grámhar, lúcháireach.
Is féidir liom a bheith macánta le hÍosa le linn dom mo chúraimí agus mo bhuarthaí a scaoileadh leis ó íochtar mo chroí.
Iarraim ar Íosa cabhrú liom mo mhuinín a chur ann go hiomlán toisc go dtuigim go dtugann sé an rud is fearr dom i gcónaí.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.