User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2022-01-17

Láthair Dé

I mo shuí anseo dom, tugaim faoi deara
go bhfuil Dia ag amharc go grámhar orm
agus um' chothú i mo bheatha.
Déanaim machnamh air seo ar feadh tamaillín ghearr.

Saoirse

Iarraim an grásta ar Dhia chun a bheith ábalta
mo chúraimí féin a scaoileadh uaim;
ionas go mbeinn oscailte do Dhia féin,
don méid atá seisean ag iarraidh ormsa.
Mar sin ligfidh mé do Dhia mo bheatha a stiúrú agus a mhunlú.

Tabhair faoi deara

I láthair mo Chruthaitheora,
féachaim go macánta ar mo mhothúcháin i rith an lae
- na buaiceanna, na pointí ísle agus an gnáthlá.
Cá raibh Dia i láthair?

Briathar Dé

Marcas 2:18-22

Bhí troscadh á dhéanamh ag deisceabail Eoin agus ag na Fairisínigh, agus tháinig daoine á rá leis: "Cén fáth a ndéanann deisceabail Eoin agus deisceabail na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?" Dúirt Íosa leo: "An féidir le hógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh le linn don fhear nuaphósta bheith leo? Fad a bhíonn an fear nuaphósta leo, ní féidir dóibh troscadh a dhéanamh. Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, agus ansin déanfaidh siad troscadh an lá sin. Ní fhuafadh aon duine preabán d'éadach gan ramhrú ar sheanbhrat: dá ndéanfadh, bhainfeadh an paiste rud éigin as -- an nua as an sean -- agus ba mhiste an stróiceadh é. Ná ní chuirfeadh aon duine fíon nua i seanseithí: dá gcuirfeadh, phléascfadh an fíon na seithí, agus bheadh idir fhíon agus sheithí millte. Ach fíon nua i seithí nua!"

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Na laetha seo, ní chuireann éinne fíon, sean nó nua, i seithí. Ach dá ndéarfadh Íosa: / Ní fhéachann tú le Windows XP a oibriú ar sheanchóras 486/, cén chiall a bhainfeá as? Ní fhéadfadh sé teachtaireacht a ghrá agus a chóra a shuiteáil i meonchóras righin na bhFairisíneach, a chaith iomlán a ndúthrachta ar gach mionphointe den dlí a chomhlíonadh.
  • A Thiarna, go raibh mé i mo bhrat nua, i mo sheithe úr fíona, agus croí ullamh agam, chun do theachtaireacht a éisteacht.
  • Bíonn modh beatha lucht crábhaidh faoi réir grinnscrúdaithe agus iniúchta ag an saol lasmuigh. Guím go ndéana mo mhodh beatha féin luachanna an tsoiscéal a chraobhscaoileadh. Bím ar an airdeall gan breithiúnais mhícharthanacha a thabhairt ar mhodhanna beatha daoine eile.
  • Cuireann Dia gairm orm chun forbartha agus chun nua-bheatha. Guím go nglaca mé leis an leas uile is mian le Dia a bhronnadh orm, agus go ndéantar mé a athnuachan i samhail Dé.

Comhrá

Cad a bhraithim le linn dom a bheith ag guí?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim rún mo chroí dó.

 

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha