Láthair Dé
Moillim ar feadh tamaill ag smaoineamh ar an ngrá atá ag Dia dom.
Dóirteann Dia a ghrásta go fial orm.
Chruthaigh Dia mé ina dheilbh fhéin
agus déanann sé teampall Dé díom.
Moillim ar feadh tamaill ag smaoineamh ar an ngrá atá ag Dia dom.
Dóirteann Dia a ghrásta go fial orm.
Chruthaigh Dia mé ina dheilbh fhéin
agus déanann sé teampall Dé díom.
Dá mbá mhian le Dia rud eigin a rá liom, an mbeadh a fhios agam?
Dá mbeadh sé ag iarraidh mo dhúshlán a dhéanamh,
ná mé a chur ar mo shuaimhneas, an dtabharfainn é faoi deara?
Iarraim air cabhrú liom bheith saor ó mo chúraimí pearsanta féin,
agus ullamh leis an méid atá le rá aige a chloisteail.
Agus fhios agam go bhfuil grá gan choinníollacha ag Dia domsa,
is féidir liom a bheith macánta faoi chonas mar atáim.
Conas mar a bhí an lá liom? Agus conas a bhraithim anois?
Labhraim go macánta le Dia.
"Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh; óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh. Cén fáth a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n airíonn tú an tsail i do shúil féin? Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: 'Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit'; agus sin í an tsail i do shúil féin! A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar."
Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena chéile.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.