Láthair Dé
A Thiarna, bíodh lúcháir orm i gcónaí.
Cuir i gcuimhne dom méid na mbeannachtaí
atá bronnta agat orm.
A Thiarna, bíodh lúcháir orm i gcónaí.
Cuir i gcuimhne dom méid na mbeannachtaí
atá bronnta agat orm.
Dá mbá mhian le Dia rud eigin a rá liom, an mbeadh a fhios agam?
Dá mbeadh sé ag iarraidh mo dhúshlán a dhéanamh,
ná mé a chur ar mo shuaimhneas, an dtabharfainn é faoi deara?
Iarraim air cabhrú liom bheith saor ó mo chúraimí pearsanta féin,
agus ullamh leis an méid atá le rá aige a chloisteail.
Conas atáim ionam féin inniu?
An bhfuilim tuirseach?
An bhfuilim faoi strus?
An bhfuil drochfhonn orm?
Má tá aon cheann acu seo ag déanamh tinnis dom,
an féidir liom scaoileadh leis na buarthaí seo?
Agus labhair sé an parabal seo leo: "Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile san fhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í? Agus nuair a fhaigheann, buaileann ar a ghuaillí í go háthasach, agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: 'Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.' Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu."
Tosaím ag déanamh comhrá le hÍosa
faoin sliocht scrioptúir atá díreach léite agam.
Cén chuid de a théann i bhfeidhm orm?
Comhrá le cara b’fhéidir, nó scéal éigin a chuala mé ó chianaibh.
B’fhéidir go bhfuil teachtaireacht sa scéal dom faoin sliocht scrioptúir.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.