User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2022-06-25

Láthair Dé

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé.
Tá tearmann agam i gcroí mo Thiarna
a bhíonn mar neart i mo laigí
agus mar shólásaí in amanna an bhróin.

Saoirse

Tá saoirse agam.
Nuair a fhéachaim ar na focail sin i scríbhinn cruthaíonn siad iontas ionam.
Buíochas le Dia as ucht saoirse a bheith agam.

Tabhair faoi deara

Cén áit a bhraithim dóchas, uchtach agus fás i mo shaol?
Ag breathnú siar tamall b’fhéidir go raibh eachtraí agus ócáidí a chabhraigh liom fás.
Déanfad deimhin am agus spás a thabhairt dóibh seo sa todhchaí.

Briathar Dé

Lucás 1:57-66, 80

Tháinig a hionú d'Eiliosaibeit agus rug sí mac. Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi. Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias. Ach labhair a mháthair agus dúirt: "Ní hea, ach glaofar Eoin air." Agus dúirt siad léi: "Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t-ainm sin air." Ach d'fhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air. Agus d'iarr seisean cláirín agus scríobh air: "Is Eoin is ainm dó." Agus rinne siad uile ionadh de. Bogadh a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé. Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile, agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: "Cad is dán don leanbh seo, mar sin?" Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis. Agus d’fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d’Iosrael.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • ‘Ná bí do mo bhuaireamh.’ Bhí an fógra, ‘Ná tar isteach’ curtha ar a dhoras ag an gcara! Is túisce leis an gcara sin é féin agus a leaba chluthair. Scéal eile atá ag Íosa: is í a gheallúint – ‘an té a bhuaileann osclófar dó.’
  • Nuair nach dtugtar aird ar mo phaidir is dúshlán dom é tost Dé. Insítear dom anseo nach mór dom leanacht de bheith ag lorg, ag cuartú, ag bualadh. Béarfaidh Dia freagra ina am dílis féin.

Comhrá

Cad a bhraithim le linn dom a bheith ag guí?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim rún mo chroí dó.

 

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha