Láthair Dé
Moillim ar feadh nóiméid
agus déanaim machnamh ar láithreacht Dé istigh ionam,
i ngach ball de mo chorp, i ngach uile rud mórthimpeall orm
agus go domhain i mo bheatha go hiomlán.
Moillim ar feadh nóiméid
agus déanaim machnamh ar láithreacht Dé istigh ionam,
i ngach ball de mo chorp, i ngach uile rud mórthimpeall orm
agus go domhain i mo bheatha go hiomlán.
Iarraim an grásta ar Dhia chun a bheith ábalta
mo chúraimí féin a scaoileadh uaim;
ionas go mbeinn oscailte do Dhia féin,
don méid atá seisean ag iarraidh ormsa.
Mar sin ligfidh mé do Dhia mo bheatha a stiúrú agus a mhunlú.
A Íosa, cabhraigh liom a bheith san airdeall do do láithreacht,
do chumhacht agus do ghrá
gach lá de mo shaol.
Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shíodóine. Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: "Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví," ar sise, "tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan." Ach ní dúirt Íosa focal ar bith á freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: "Scaoil uait í," ar siad, "tá sí ag glaoch inár ndiaidh." D'fhreagair agus dúirt: "Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael." Ach tháinig an bhean agus d'fhan ar a dhá glúin ina láthair: "A Thiarna," ar sise, "fóir orm." D'fhreagair agus dúirt: "Níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán." Dúirt sise: "Cinnte, a Thiarna, agus itheann na coileáin féin na grabhróga a thiteann ó bhord a máistrí." Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: "Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat." Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.
Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cairde lena chéile.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.