Láthair Dé
Ag am ar bith den lá is féidir linn glaoch ar Íosa.
Bíonn sé ag fanacht de shíor, ag tnúth le glaoch uainn.
Nach iontach an bheannacht í sin -
díreach cogar uainn agus bímid i gcomhluadar a chéile.
Ag am ar bith den lá is féidir linn glaoch ar Íosa.
Bíonn sé ag fanacht de shíor, ag tnúth le glaoch uainn.
Nach iontach an bheannacht í sin -
díreach cogar uainn agus bímid i gcomhluadar a chéile.
An rud is mó a chuireann bac orm i dtaobh saoirse
ná an claonadh atá ionama bheith gafa le mianta
nó cuspóirí áirithe a shroicheadh – eagla, dóchas agus uaillmhian.
Cuirim srian ar an tsaoirse ionam chun fás agus forbairt a iniúchadh.
Iarraim ar Dhia cabhrú liom chun an tsaoirse ionam féin a aithint
agus chun glacadh le dúshláin nua
a threoróidh mé ar chúrsa de réir toil Dé.
A Íosa, cabhraigh liom a bheith san airdeall do do láithreacht,
do chumhacht agus do ghrá
gach lá de mo shaol.
Ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d’fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: “Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?” Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.” Dúirt sé leo: “Ach cé a deir sibhse mé?” Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.” D’fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d’fhoilsigh duit é ach m’Athair atá ar neamh. Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.” Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.
Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: “Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,” ar seisean, “agus i bhfad uait sin!” Ach d’iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d’aigne ach smaointe daoine.”
Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena chéile.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.