Láthair Dé
Moillim ar feadh nóiméid i láthair Dé.
Tá Dia timpeall orm, tá sé i ngach ball dem' chorp.
Tá sé i ndoimhneacht mo chroí.
Moillim ar feadh nóiméid i láthair Dé.
Tá Dia timpeall orm, tá sé i ngach ball dem' chorp.
Tá sé i ndoimhneacht mo chroí.
Iarraim an grásta ar Dhia chun a bheith ábalta
mo chúraimí féin a scaoileadh uaim;
ionas go mbeinn oscailte do Dhia féin,
don méid atá seisean ag iarraidh ormsa.
Mar sin ligfidh mé do Dhia mo bheatha a stiúrú agus a mhunlú.
I láithreacht ghrámhar Dé
féachaim siar ar an lá, ó thús deireadh.
Gabhaim buíochas as gile na gréine agus áilleacht an lae.
Tugaim suntas do na tréimhsí dorcha
agus an teachtaireacht a thugann siad dom.
Iarraim cneasú, misneach agus maithiúnas.
Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: "Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne. Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht."
I gcomhrá bíonn caint agus éisteacht i gceist.
Chomh maith le bheith ag caint le hÍosa ní mór dom a bheith socair agus éisteacht le hÍosa.
Samhlaím séimhe ina shúile le linn dó a bheith ag féachaint orm go grámhar, lúcháireach.
Is féidir liom a bheith macánta le hÍosa le linn dom mo chúraimí agus mo bhuarthaí a scaoileadh leis ó íochtar mo chroí.
Iarraim ar Íosa cabhrú liom mo mhuinín a chur ann go hiomlán toisc go dtuigim go dtugann sé an rud is fearr dom i gcónaí.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.