Láthair Dé
Iarraim ar Dhia cabhrú liom
bheith saor ó mo chúraimí pearsanta féin,
fáilte a chur roimh Dhia i rith an tréimhse urnaithe seo,
grá agus seirbhís níos mó a thabhairt Dó.
Iarraim ar Dhia cabhrú liom
bheith saor ó mo chúraimí pearsanta féin,
fáilte a chur roimh Dhia i rith an tréimhse urnaithe seo,
grá agus seirbhís níos mó a thabhairt Dó.
Tá sé fuirist a bheith gafa le cúraimí an tsaoil
agus le háirgí saolta.
Cabhraigh liom, a Thiarna, gan a bheith santach ná leithleasach.
Meabhraigh dom go bhfuil na nithe is fearr saor in aisce
- grá, gáire agus roinnt lena chéile.
Tá scíste ó chúraimí an lae riachtanach dúinn go léir.
Tuigimid go gcaithfidh ár gcoirp sos a fháil.
Nuair a bhímid i gcomhluadar Dé ardaítear ár spiorad
agus braithimid suaimhneas croí agus aigne.
Agus timpeall ocht lá tar éis na cainte sin, rug sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas agus chuaigh an sliabh suas chun guí. Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d’éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach. Agus bhí beirt fhear ag agallamh leis – b’iad Maois agus Éilias iad – agus chonacthas i nglóir iad ag caint faoina imeacht as an saol, rud a bhí le tabhairt chun críche aige in Iarúsailéim. Bhí Peadar agus a chompánaigh trom le codladh, ach d’fhan siad ina ndúiseacht agus chonaic siad a ghlóir agus an bheirt a bhí ansiúd in éineacht leis. Agus ansin, le linn dóibh seo bheith ag scaradh leis, dúirt Peadar le Íosa: “A Mháistir, is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias” – agus gan a fhios aige cad a bhí sé a rá. Ach nuair a bhí sé ag rá an méid sin, tháinig scamall, agus bhí sé ina scáil anuas orthu, agus bhí uamhan orthu nuair a d’imigh siad siúd isteach sa scamall. Agus tháinig glór as an scamall ag rá: “Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!” Agus le macalla an ghlóir, fuarthas Íosa ina aonar. Ach d’fhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad d’aon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu.
A Íosa, labhraíonn tú liom trí chomhrá na soiscéal.
Déanfaidh mé mo dhícheall freagra a thabhairt ar ghlaoch Dé.
Cabhraigh liom saothar do láimhe a aithint i ngnáthimeachtaí an lae.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.