Láthair Dé
Iarraim ar Dhia cabhrú liom
bheith saor ó mo chúraimí pearsanta féin,
fáilte a chur roimh Dhia i rith an tréimhse urnaithe seo,
grá agus seirbhís níos mó a thabhairt Dó.
Iarraim ar Dhia cabhrú liom
bheith saor ó mo chúraimí pearsanta féin,
fáilte a chur roimh Dhia i rith an tréimhse urnaithe seo,
grá agus seirbhís níos mó a thabhairt Dó.
Deir Naomh Iognáid Loyola go múineann Dia mé
díreach mar a mhúineann múinteoir a dhalta.
Meabhraím dom féin go bhfuil Dia ag mo mhúineadh de shíor.
Iarraim grásta Dé chun cabhrú liom éisteacht
agus a ligean do Dhia mé a athrú, a mhúnlú agus a athmhúnlú.
A Íosa, cabhraigh liom a bheith san airdeall do do láithreacht,
do chumhacht agus do ghrá
gach lá de mo shaol.
Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d’fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?” Dúirt siad á fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.” Dúirt sé leo: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Agus dúirt Peadar á fhreagairt: “Críost Dé.” Ach d’ordaigh sé dóibh go géar gan é seo a rá le haon duine, agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”
Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena chéile.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.