User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2022-11-22

Láthair Dé

Agus mé i mo shuí anseo, is comharthaí iad,
bualadh mo chroí, tuile agus trá m'anála, gluaiseachtaí m'aigne,
comharthaí go bhfuil Dia fós do mo chruthú.
Moillim ar feadh nóiméid, agus tógaim faoi ndeara
Láithreacht seo Dé istigh ionam.

Saoirse

Deir Naomh Iognáid Loyola go múineann Dia mé
díreach mar a mhúineann múinteoir a dhalta.
Meabhraím dom féin go bhfuil Dia ag mo mhúineadh de shíor.
Iarraim grásta Dé chun cabhrú liom éisteacht
agus a ligean do Dhia mé a athrú, a mhúnlú agus a athmhúnlú.

Tabhair faoi deara

Conas atáim inniu? Maidir le Dia, conas atáim?
An bhfuilim buíoch as aon rud? Más' ea, gabhaim buíochas leis.
An bhfuil brón orm faoi aon rud? Más' ea, iarraim maithiúnas air.

Briathar Dé

Lúcás 21:5-11

Nuair a bhí daoine áirithe á rá mar gheall ar an Teampall go raibh sé maisithe le clocha breátha agus le tíolaicí dúthrachta, dúirt seisean: "A bhfuil le feiceáil ansin agaibh -- tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas." D'fhiafraigh siad de ansin: "Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?" Dúirt sé: "Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: 'Is mise é'; agus: 'Tá an t am in achmaireacht.' Ná téigí ina ndiaidh. Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin." Dúirt sé leo ansin: "Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Ag an am a scríobhadh Soiscéal Lúcáis, thuig roinnt Críostaithe as focail áirithe de chuid Íosa go mbeadh sé ag filleadh go luath chun an stair a thabhairt chun críche. Anseo tá Lúcás ag cur i gcuimhne dá léitheoirí gur thug Íosa rabhadh dá lucht leanúna gan bheith meallta acu siúd a deir go bhfuil a fhios acu nach fada uainn an deireadh. Lucht leanúna Íosa, ní bheidh siad saor ó ainrialachas agus foréigean a fheiceáil. Ní chiallaíonn siad seo go bhfuil an deireadh i ngar dúinn nó i bhfad uainn. Is é bealach an Chríostaí an bealach céanna a shiúil Íosa, tríd an bhforéigean agus an éagóir, ach freisin trí ghrá agus cúram fadradharcach Dé. Iarraim ar Dhia cuidiú liom maireachtáil le croí lán de shíocháin agus de mhuinín tríd an míshocracht atá ina chomhartha sóirt ag ár saol.
  • Tá a fhios ag Íosa cé chomh héasca is atá sé a bheith curtha ar seachrán in amanna anacra móra. Bíonn mínithe agus freagraí soiléire uainn. Thuar sé go mbeadh go leor daoine ag maíomh, fiú ina ainm, go raibh an eochair acu chun míniú a thabhairt ar a mbíonn ag tarlú. Tugann Íosa rabhadh dúinn gan daoine den sórt sin a leanúint ach a bheith beo san am i láthair le muinín foighdeach as Dia.

Comhrá

A Íosa chuir tú fáilte roimh pháistí i gcónaí.
Cabhraigh liom brath ort ar nós pháiste
agus a fhios a bheith agam nach dtréigfidh tú riamh mé.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha