User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2022-11-24

Láthair Dé

Agus mé i mo shuí anseo, is comharthaí iad,
bualadh mo chroí, tuile agus trá
m'anála, gluaiseachtaí m'aigne,
comharthaí go bhfuil Dia fós do mo
chruthú.
Moillim ar feadh nóiméid, agus tógaim faoi ndeara
Láithreacht seo
Dé istigh ionam.

Saoirse

Dá mbá mhian le Dia rud eigin a rá liom, an mbeadh a fhios agam?
Dá mbeadh sé ag iarraidh mo dhúshlán a dhéanamh,
ná mé a chur ar mo shuaimhneas, an dtabharfainn é faoi deara?
Iarraim air cabhrú liom bheith saor ó mo chúraimí pearsanta féin,
agus ullamh leis an méid atá le rá aige a chloisteail.

Tabhair faoi deara

Tá scíste ó chúraimí an lae riachtanach dúinn go léir.
Tuigimid go gcaithfidh ár gcoirp sos a fháil.
Nuair a bhímid i gcomhluadar Dé ardaítear ár spiorad
agus braithimid suaimhneas croí agus aigne.

Briathar Dé

Lúcás 21:20-28

Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achmaireacht. Ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; iad seo a bheidh sa chathair, imídís aisti; iad seo a bheidh ar an tuath, ná téidís isteach inti; óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomhlíonadh. Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo: titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.
"Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige; daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire. Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht."

Téarnamh Mhac an Duine

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Bhí Iarúsailéim scriosta cheana féin ag na Rómhánaigh faoin am a bhí an soiscéal scríofa ag Lúcás, ach tá craiceann na fírinne fós ar na focail seo, fiú dúinne dhá mhíle bliain ina dhiaidh sin. Ar bhealach éigin ní bheidh síocháin ar an domhan choíche go dtí go mbeidh síocháin in Iarúsailéim, rud atá chomh deacair teacht air anois agus a bhí in aimsir Íosa. Inniu lig dom bheith ag guí i bpairt le hÍosa ar son na síochána in Iarúsailéim agus ina háitritheoirí uile: Iosraelaigh, Arabaigh, Palaistínigh, agus a gceannairí.
  • Cé nach bhfuil a fhios againn cathain, dearbhaíonn Íosa dúinn go bhfillfidh sé arís “le cumhacht agus iomad glóire”. Ní bheidh eagla ach cúis áthais agus bróid ann do na fíréin, mar beidh ár bhfuascaitlt ó chumhachtaí an oilc tar éis teacht ar deireadh. Guím ar an tsíocháin inmheánach sin a thagann as bheith cinnte go bhfuil láithreacht Dé a shlánaíonn ag obair ar domhan agus i mo shaol, agus muid ag druidim le teacht deifnídeach Íosa.

Comhrá

Cad a bhíonn ag corraí ionam le linn dom a bheith ag guí?
An mbraithim sólás, dólás, brón, buairt?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí cóngarach dom.
Roinnim mo chuid rún leis.
Faighim faoiseamh agus suaimhneas.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha