User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2022-11-25

Láthair Dé

Is ionann 'bheith i láthair' agus teacht mar atá tú

agus a bheith oscailte don duine eile.

Ag an nóiméad seo, agus mé ag teacht anseo, tá Dia i láthair ag fanacht liom.

Bíonn Dia ann romham i gcónaí, ag iarraidh teagmháil liom,

fiú níos mó ná an cara is dlúithe atá agam

Tógaim nóiméad chun fáiltiú roimh mo Dhia grámhar.

Saoirse

Tá sé fuirist a bheith gafa
le cúraimí an tsaoil agus le háirgí saolta.
Cabhraigh liom, a Thiarna,
gan a bheith santach ná leithleasach.
Meabhraigh dom go bhfuil na nithe is fearr
saor in aisce – grá, gáire agus roinnt lena chéile.

 

Tabhair faoi deara

I láithreacht ghrámhar Dé
féachaim siar ar an lá, ó thús deireadh.
Gabhaim buíochas as gile na gréine agus áilleacht an lae.
Tugaim suntas do na tréimhsí dorcha
agus an teachtaireacht a thugann siad dom.
Iarraim cneasú, misneach agus maithiúnas.

Briathar Dé

Lúcás 21:29-33

Agus labhair sé parabal leo: "Féachaigí an crann fígí agus na crainn eile. Nuair a bhíonn siad ag eascar, bíonn a fhios agaibh ag féachaint orthu, go bhfuil an samhradh in achmaireacht feasta. Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd ag teacht, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan gach uile ní a bheith tagtha chun cinn. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche."

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Cad iad na comharthaí a léiríonn dom go bhfuil Dia ag obair? I mo shaol féin? Sa domhan mórthimpeall orm? An mbraithim Ríocht Dé i mo chroí? An bhfeicim bachlóga ar an gcrann figí?
  • Tá an chruinne ársa; cuireann na milliúin bliain mearbhall ar an aigne. San am céanna tá siad gearr; rud gearrshaolach i gcomparáid le focal Dé a mhairfidh go deo. Dúirt Íosa go n-imeodh neamh agus talamh ach nach n-imeodh a bhriathra choíche.’

Comhrá

Cad a bhíonn ag corraí ionam le linn dom a bheith ag guí?
An mbraithim sólás, dólás, brón, buairt?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí cóngarach dom.
Roinnim mo chuid rún leis.
Faighim faoiseamh agus suaimhneas.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha