User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2022-11-28

Láthair Dé

Tá Dia i mo chuideachta, ach níos mó ná sin, tá sé ionam.
Is é a thugann dom mo 'bheith ann'.
Cuimhním ar an Dia seo ionam a thugann beatha dom.
Tá Sé i mbualadh mo chroí, i dtuile agus trá m'anála,
i ngluaiseachtaí m'aigne, i mo shaol ar fad.

Saoirse

Iarraim an grásta ar Dhia chun a bheith ábalta
mo chúraimí féin a scaoileadh uaim;
ionas go mbeinn oscailte do Dhia féin,
don méid atá seisean ag iarraidh ormsa.
Mar sin ligfidh mé do Dhia mo bheatha a stiúrú agus a mhunlú.

Tabhair faoi deara

A Íosa, cabhraigh liom a bheith san airdeall do do láithreacht,
do chumhacht agus do ghrá
gach lá de mo shaol.

Briathar Dé

Matha 8:5-11

Tar éis dul isteach i gCafarnáum dó, tháinig taoiseach céad chuige ag achainí air: “A Thiarna,” ar seisean, “tá mo ghiolla ina luí sa bhaile ina phairiliseach agus é á chrá go léanmhar.” Dúirt Íosa leis: “Rachaidh mé ann á leigheas.” Ach dúirt an taoiseach céad á fhreagairt: “A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta. Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.” Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael. Deirim libh, tiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina súí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Rinne an taoiseach céid idirghuí le hÍosa thar ceann a sheirbhísigh. Níorbh ar a shon féin a rinne sé é seo. Cén duine ar mhaith liom idirghuí a dhéanamh ar a shon le hÍosa inniu?
  • ‘A Thiarna, ní fiú mé.’ An mbraithim riamh mar seo? An mbraithim riamh go bhfaighim níos mó ná mar atá tuillte agam? Mairimid i gcultúr teidlíochta, leis an dtuairim go bhfuilimid i dteideal gach a bhfuil ar fáil a fháil. Cad fúmsa?

Comhrá

A Íosa chuir tú fáilte roimh pháistí i gcónaí.
Cabhraigh liom brath ort ar nós pháiste
agus a fhios a bheith agam nach dtréigfidh tú riamh mé.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha