Láthair Dé
Moillim ar feadh tamaill ag smaoineamh ar an ngrá atá ag Dia dom.
Dóirteann Dia a ghrásta go fial orm.
Chruthaigh Dia mé ina dheilbh fhéin
agus déanann sé teampall Dé díom.
Moillim ar feadh tamaill ag smaoineamh ar an ngrá atá ag Dia dom.
Dóirteann Dia a ghrásta go fial orm.
Chruthaigh Dia mé ina dheilbh fhéin
agus déanann sé teampall Dé díom.
Iarraim an grásta ar Dhia chun a bheith ábalta
mo chúraimí féin a scaoileadh uaim;
ionas go mbeinn oscailte do Dhia féin,
don méid atá seisean ag iarraidh ormsa.
Mar sin ligfidh mé do Dhia mo bheatha a stiúrú agus a mhunlú.
Conas atáim inniu? Maidir le Dia, conas atáim?
An bhfuilim buíoch as aon rud? Más' ea, gabhaim buíochas leis.
An bhfuil brón orm faoi aon rud? Más' ea, iarraim maithiúnas air.
An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é. Tá gach aon ní tugtha domsa ag m’Athair. Agus ní eol d’aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.” Agus, ag iompú chun a dheisceabal, dúirt sé leo ar leithligh: “Is méanar do na súile a fheiceann na nithe a fheiceann sibhse. Óir deirim libh, b’áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”
A Íosa, labhraíonn tú liom trí chomhrá na soiscéal.
Déanfaidh mé mo dhícheall freagra a thabhairt ar ghlaoch Dé.
Cabhraigh liom saothar do láimhe a aithint i ngnáthimeachtaí an lae.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.