Láthair Dé
A Thiarna, bíodh lúcháir orm i gcónaí.
Cuir i gcuimhne dom méid na mbeannachtaí
atá bronnta agat orm.
A Thiarna, bíodh lúcháir orm i gcónaí.
Cuir i gcuimhne dom méid na mbeannachtaí
atá bronnta agat orm.
Ní mór dom an fothram a dhúnadh amach,
gan aird a thabhairt air -
fothram a chuireann isteach orm,
a loiteann an ciúnas agus an tsíocháin.
Ní mór dom éisteacht le Dia.
Conas atáim ionam féin inniu?
An bhfuilim tuirseach?
An bhfuilim faoi strus?
An bhfuil drochfhonn orm?
Má tá aon cheann acu seo ag déanamh tinnis dom,
an féidir liom scaoileadh leis na buarthaí seo?
Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu. Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.” D’fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad. D’fhág siad an bád agus a n athair láithreach agus lean siad é.
Cad a bhíonn ag corraí ionam le linn dom a bheith ag guí?
An mbraithim sólás, dólás, brón, buairt?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí cóngarach dom.
Roinnim mo chuid rún leis.
Faighim faoiseamh agus suaimhneas.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.