Láthair Dé
I mo shuí anseo dom, tugaim faoi deara
go bhfuil Dia ag amharc go grámhar orm
agus um' chothú i mo bheatha.
Déanaim machnamh air seo ar feadh tamaillín ghearr.
I mo shuí anseo dom, tugaim faoi deara
go bhfuil Dia ag amharc go grámhar orm
agus um' chothú i mo bheatha.
Déanaim machnamh air seo ar feadh tamaillín ghearr.
Ní mór dom an fothram a dhúnadh amach,
gan aird a thabhairt air -
fothram a chuireann isteach orm,
a loiteann an ciúnas agus an tsíocháin.
Ní mór dom éisteacht le Dia.
Agus a fhios agam go bhfuil grá gan choinnníollacha ag Dia dom,
féachaim siar go macánta ar an lá – na heachtraí agus mo mhothúcháin.
An bhfuilim buíoch as aon rud?
Gabhaim buíochas le Dia.
An bhfuil brón orm faoi rud ar bith?
Iarraim maithiúnas.
Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!” Agus tháinig na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: “An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?” Dúirt siad: “Creidimid, a Thiarna.” Ansin, leag sé a lámh ar a súile agus dúirt: “Bíodh agaibh de réir bhur gcreidimh.” Agus osclaíodh a súile. Agus labhair Íosa go corraiceach leo: “Aire daoibh! ná bíodh a fhios sin ag duine ar bith.”
Cad a bhíonn ag corraí ionam le linn dom a bheith ag guí?
An mbraithim sólás, dólás, brón, buairt?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí cóngarach dom.
Roinnim mo chuid rún leis.
Faighim faoiseamh agus suaimhneas.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.