Ghabh Íosa ar fud na gcathracha agus na mbailte go léir, ag teagasc ina sionagóga agus ag fógairt dea scéil na ríochta, ag leigheas gach galar agus gach éagruas. Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire. Ansin dúirt sé lena dheisceabail: “Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meitheal bheag. 38Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.” Ghlaoigh sé chuige a dháréag deisceabal agus thug dóibh údarás ar na spioraid mhíghlana chun go gcaithfidís amach iad agus go leigheasfaidís gach galar agus gach éagruas. Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, Pilib agus Parthalán, Tomás agus Matha poibleacánach, Séamas mac Ailfáias agus Tadáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Isceiriót, an fear a bhraith é. Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith; ní hea, ach téigí faoi dhéin chaoirigh caillte theaghlach Iosrael. Agus in bhur mbóthar daoibh, bígí á fhógairt go bhfuil ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.