User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-01-21

Láthair Dé

Cuimhním ar conas a mhaireann Dia inar chruthaigh sé.
Maireann sé ionam féin, ag bronnadh orm a bheith ann fiú.
Tugann Dia dom beatha, mothú agus tuiscint.
Déanann sé a theampall díom.
Is ar a dheilbh agus a chosúlacht féin a cruthaíodh mé. (Naomh Iognáid)

Saoirse

"Is beag duine a aithníonn an áilleacht a chruthódh Dia
dá ligfidis dó iad a mhúnlú." (Naomh Iognáid)
Iarraim grásta Dé muinín iomlán a bheith agam as a ghrá.

Tabhair faoi deara

Agus fhios agam go bhfuil grá gan choinníollacha ag Dia domsa,
is féidir liom a bheith macánta faoi chonas mar atáim.
Conas mar a bhí an lá liom? Agus conas a bhraithim anois?
Labhraim go macánta le Dia.

Briathar Dé

Marcas 3:20-21

Chuaigh sé isteach agus tháinig an slua le chéile arís sa chaoi nár fhéad siad fiú amháin béile a ithe. Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach d'fhonn breith air, mar bhí siad ag rá: "As a mheabhair atá sé."

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • /Bhí siad ag rá: 'As a mheabhair atá sé./ Bhí sé ina rírá timpeall ar Íosa a chuir cotadh ar a mhuintir. Shíl siad go raibh sé ag déanamh ábhar magaidh díobh, agus theastaidh uathu smacht a chur air.
  • A Thiarna, tharla ó am go chéile gur airigh mé go raibh mé ag cur cotaidh, míshástachtmíshástachta nó imní ar mo mhuintir. Níor thaitin an eachtra liom; chuir sé trí chéile mé nó chuir fearg orm fiú. Bhain a leithéid duitse.
  • Bhí fonn ar mhuintir Íosa breith air mar gheall ar a raibh á rá ag daoine ina thaobh. Na aoine ba chóngaraí dó, níor thuig siad é ná an misean a bhí aige. Cad a dhéanaimse nuair a bhíonn míthuiscint ar dhaoine i mo thaobhsa?
  • Daoine a raibh aithne mhaith acu ar Íosa, is cosúil gur chuir sé ionadh orthu an chaoi ar mhair sé agus ar ghníomhaigh sé. Guím go bhfaighidh mé an tsaoirse is gá dom ionas nach gcuirfidh mo nósanna féin laincisí orm nó nach srianófar mé de bharr tuairimí daoine eile.
  • Is ionann maireachtáil san tsaoirse agus dúshlán a thabhairt do dhaoine a ghlacann go réidh le bacainní. Guím le haghaidh an mhisnigh a theastaíonn uaim chun gur mó a bheidh mé in ann spiorad Dé a leanuint.

Comhrá

I gcomhrá bíonn caint agus éisteacht i gceist.
Chomh maith le bheith ag caint le hÍosa ní mór dom a bheith socair agus éisteacht le hÍosa.
Samhlaím séimhe ina shúile le linn dó a bheith ag féachaint orm go grámhar, lúcháireach.
Is féidir liom a bheith macánta le hÍosa le linn dom mo chúraimí agus mo bhuarthaí a scaoileadh leis ó íochtar mo chroí.
Iarraim ar Íosa cabhrú liom mo mhuinín a chur ann go hiomlán toisc go dtuigim go dtugann sé an rud is fearr dom i gcónaí.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha