Láthair Dé
Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé.
Tá tearmann agam i gcroí mo Thiarna
a bhíonn mar neart i mo laigí
agus mar shólásaí in amanna an bhróin.
Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé.
Tá tearmann agam i gcroí mo Thiarna
a bhíonn mar neart i mo laigí
agus mar shólásaí in amanna an bhróin.
Tá saoirse agam.
Nuair a fhéachaim ar na focail sin i scríbhinn cruthaíonn siad iontas ionam.
Buíochas le Dia as ucht saoirse a bheith agam.
Mairim i gcomhluadar – bainteach le nádúr, le daoine, le Dia.
Ag machnamh ar an gceangal seo
gabhaim buíochas as an mbeatha a shníonn tríothu.
Uaireanta bíonn briseadh: brón, fearg, díomá.
Cabhraigh liom a Dhia glacadh le cúrsaí faoi mar atá
agus maithiúnas a thabhairt.
Dúirt sé leo: ?An dtugtar lampa isteach chun go gcuirfí faoi bhéal peice é, nó faoi leaba? Nach ar chrann solais atá sé le cur? Óir níl aon ní faoi cheilt ach chun go mbeadh sé soiléir, ná aon ní ina rún ach chun go dtiocfadh sé chun solais. Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine éisteadh sé!? Dúirt sé leo: ?Bígí aireach faoina gcluineann sibh. Is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh, agus tabharfar tuilleadh daoibhse a chluineann. Óir an duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó, agus an duine a bhíonn gan ní bainfear de fiú amháin a mbíonn aige.?
A Thiarna, uaireanta déanaim machnamh
ar na focail a rithfeadh liom dá mbuailfinn leat.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat
as a bheith in éineacht liom de shíor,
go háirithe in am an ghátair
nuair a bhíonn tú liom i slí speisialta.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.