Láthair Dé
A Thiarna, bíodh lúcháir orm i gcónaí.
Cuir i gcuimhne dom méid na mbeannachtaí
atá bronnta agat orm.
A Thiarna, bíodh lúcháir orm i gcónaí.
Cuir i gcuimhne dom méid na mbeannachtaí
atá bronnta agat orm.
Tá sé fuirist a bheith gafa le cúraimí an tsaoil
agus le háirgí saolta.
Cabhraigh liom, a Thiarna, gan a bheith santach ná leithleasach.
Meabhraigh dom go bhfuil na nithe is fearr saor in aisce
- grá, gáire agus roinnt lena chéile.
I láthair mo Chruthaitheora,
féachaim go macánta ar mo mhothúcháin i rith an lae
- na buaiceanna, na pointí ísle agus an gnáthlá.
Cá raibh Dia i láthair?
Agus dúirt: “Is amhlaidh atá ríocht Dé, mar a scaipfeadh duine síol ar an talamh, agus go gcodlódh sé féin agus go n éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan fhios dó. Tugann an talamh toradh uaidh féin, an geamhar ar dtús, an dias ansin, ansin an gráinne iomlán sa dias. Nuair a bhíonn an barr aibí, tugann sé an corrán dó gan mhoill de bhrí go mbíonn an fómhar ar fáil.”
Agus dúirt: “Cad leis a gcuirfimid ríocht Dé i gcomparáid, nó cén parabal a luafaimid léi? Tá sí mar a bheadh gráinne de shíol mustaird, atá ar an ngráinnín síl is lú ar bith de na síolta go léir nuair a bhíonn sé á chur sa talamh, ach nuair a bhíonn sé curtha, fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir agus cuireann sé craobhacha móra amach sa chaoi go bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh faoina scáth.”
Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a d’fhéad siad éisteacht leis. Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal.
I gcomhrá bíonn caint agus éisteacht i gceist.
Chomh maith le bheith ag caint le hÍosa ní mór dom a bheith socair agus éisteacht le hÍosa.
Samhlaím séimhe ina shúile le linn dó a bheith ag féachaint orm go grámhar, lúcháireach.
Is féidir liom a bheith macánta le hÍosa le linn dom mo chúraimí agus mo bhuarthaí a scaoileadh leis ó íochtar mo chroí.
Iarraim ar Íosa cabhrú liom mo mhuinín a chur ann go hiomlán toisc go dtuigim go dtugann sé an rud is fearr dom i gcónaí.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.