Láthair Dé
Tá Dia anseo liom, anois, fiú muna bhfeicim é le mo shúile.
Ní tharraingím anáil gan é.
Tá Sé níos cóngaraí dom ná mar atá mé dom féin.
Cuimhním ar rúndiamhar Dé ionam agus timpeall orm.
Tá Dia anseo liom, anois, fiú muna bhfeicim é le mo shúile.
Ní tharraingím anáil gan é.
Tá Sé níos cóngaraí dom ná mar atá mé dom féin.
Cuimhním ar rúndiamhar Dé ionam agus timpeall orm.
Dá mbá mhian le Dia rud eigin a rá liom, an mbeadh a fhios agam?
Dá mbeadh sé ag iarraidh mo dhúshlán a dhéanamh,
ná mé a chur ar mo shuaimhneas, an dtabharfainn é faoi deara?
Iarraim air cabhrú liom bheith saor ó mo chúraimí pearsanta féin,
agus ullamh leis an méid atá le rá aige a chloisteail.
Conas a bhraithim i ndáiríre?
éadromchroíoch nó tromchroíoch?
seans go bhfuilim síochánta, sona sásta.
Nó b’fhéidir go bhfuil easpa dóchais ionam,
nó buartha, nó feargach.
Aithním conas mar atáim i ndáiríre.
Gránn Dia mé díreach mar atáim.
Nuair a bhí an tráthnóna ann an lá sin, dúirt sé leo: “Téimis trasna anonn.” Agus ag fágáil an tslua ina ndiaidh, thug siad leo é sa bhád mar a bhí sé, agus bhí báid eile á thionlacan. D’éirigh cuaifeach mór gaoithe, agus bhí na farraigí ag bualadh an bháid sa chaoi go raibh sí ag líonadh cheana féin. Bhí sé féin i ndeireadh an bháid ina chodladh agus a cheann ar an bpillín, agus mhúscail siad é agus dúirt leis: “A Mháistir, an ea nach cás leat go bhfuil an bás againn?” Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: “Éist, bí socair!” Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh? An ea nach bhfuil creideamh agaibh?” Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?”
Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena chéile.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.