User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-03-19

Láthair Dé

Moillim ar feadh nóiméid
agus déanaim machnamh ar láithreacht Dé istigh ionam,
i ngach ball de mo chorp, i ngach uile rud mórthimpeall orm
agus go domhain i mo bheatha go hiomlán.

Saoirse

Tá sé fuirist a bheith gafa
le cúraimí an tsaoil agus le háirgí saolta.
Cabhraigh liom, a Thiarna,
gan a bheith santach ná leithleasach.
Meabhraigh dom go bhfuil na nithe is fearr
saor in aisce – grá, gáire agus roinnt lena chéile.

 

Tabhair faoi deara

A Íosa, cabhraigh liom a bheith san airdeall do do láithreacht,
do chumhacht agus do ghrá
gach lá de mo shaol.

Comhrá

A Thiarna, uaireanta déanaim machnamh
ar na focail a rithfeadh liom dá mbuailfinn leat.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat
as a bheith in éineacht liom de shíor,
go háirithe in am an ghátair
nuair a bhíonn tú liom i slí speisialta.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha