Ina dhiaidh sin tharla féile de chuid na nGiúdach agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim. Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar Béatsata san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid. Iontusan sin bhí slua mór de dhaoine tinne, daill agus bacaigh agus pairilísigh, ina luí ag feitheamh le corraí an uisce. Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid. Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: "Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?" "A dhuine uasail," arsa an t- easlán leis á fhreagairt, "níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t- uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham." Dúirt Íosa leis: "Éirigh, tóg do shráideog agus siúil." Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis. Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: "Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar." D'fhreagair sé iad: "An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: 'Tóg do shráideog agus siúil.'" D'fhiafraigh siad de ansin: "Cé hé an duine a dúirt leat: 'Tóg do shráideog agus siúil'?" Ach ní raibh a fhios ag an té a leigheasadh cérbh é, mar bhí Íosa imithe i leataobh ón slua a bhí cruinnithe san áit. Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: "Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit." D'imigh an duine agus d'inis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é. Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid.