Láthair Dé
Moillim ar feadh nóiméid
agus déanaim machnamh ar láithreacht Dé istigh ionam,
i ngach ball de mo chorp, i ngach uile rud mórthimpeall orm
agus go domhain i mo bheatha go hiomlán.
Moillim ar feadh nóiméid
agus déanaim machnamh ar láithreacht Dé istigh ionam,
i ngach ball de mo chorp, i ngach uile rud mórthimpeall orm
agus go domhain i mo bheatha go hiomlán.
Ní mór dom an fothram a dhúnadh amach,
gan aird a thabhairt air -
fothram a chuireann isteach orm,
a loiteann an ciúnas agus an tsíocháin.
Ní mór dom éisteacht le Dia.
I láthair mo Chruthaitheora,
féachaim go macánta ar mo mhothúcháin i rith an lae
- na buaiceanna, na pointí ísle agus an gnáthlá.
Cá raibh Dia i láthair?
Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m’Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.” Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia. Thug Íosa freagra: “Amen, Amen, a deirim libh, ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair. Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna. Óir tá cion ag an Athair ar an Mac agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin, agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse. Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbh agus iad a dhéanamh beo, mar an gcéanna déanann an Mac beo an mhuintir is toil leis; mar ní thugann an tAthair breith ar aon duine ach thug sé an uile bhreith dá Mhac, i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é. Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha. Amen, Amen, a deirim libh, tá an uair ag teacht – tá sí ann cheana – nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad. Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin, thug sé don Mhac mar an gcéanna beatha a bheith ann féin aige, agus thug sé údarás dó breithiúnas a dhéanamh de bhrí gurb é Mac an Duine é. Ná déanaigí ionadh den mhéid sin, óir tá an uair ag teacht, a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaí glór Mhac Dé, agus tiocfaidh siad amach – iad seo a rinne an mhaith chun aiséirí na beatha, agus iad seo a rinne an t-olc chun aiséirí an bhreithiúnais.
Cad a bhíonn ag corraí ionam le linn dom a bheith ag guí?
An mbraithim sólás, dólás, brón, buairt?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí cóngarach dom.
Roinnim mo chuid rún leis.
Faighim faoiseamh agus suaimhneas.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.