User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-03-25

Láthair Dé

I mo shuí anseo dom, tugaim faoi deara
go bhfuil Dia ag amharc go grámhar orm
agus um' chothú i mo bheatha.
Déanaim machnamh air seo ar feadh tamaillín ghearr.

Saoirse

Dá mbá mhian le Dia rud eigin a rá liom, an mbeadh a fhios agam?
Dá mbeadh sé ag iarraidh mo dhúshlán a dhéanamh,
ná mé a chur ar mo shuaimhneas, an dtabharfainn é faoi deara?
Iarraim air cabhrú liom bheith saor ó mo chúraimí pearsanta féin,
agus ullamh leis an méid atá le rá aige a chloisteail.

Tabhair faoi deara

Chun a bheith ar an eolas faoi rud ní mór a bheith feasach ina thaobh. A Thiarna, cabhraigh liom a thabhairt chun cuimhne gur thug tú beatha dom. Buíochas le Dia as ucht tabhartas na beatha. Cabhraigh liom moilliú, a bheith suaimhneach agus taitneamh a bhaint as áilleacht an domhain a chruthaigh tú – áilleacht na timpeallachta, na sléibhte, suaimhneas an locha, aoibhneas phiotal an bhlátha. Ní mór dom smaoineamh a Dhia, gur uaitse a tháinig an uile ní.

Briathar Dé

Lúcás 1:26-38

Sa séú mí, cuireadh an t-aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire. Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: "Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná." Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo. Ach dúirt an t-aingeal léi: "Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia. Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air. Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair, agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht." Dúirt Muire leis an aingeal: "Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d'fhear chéile?" Agus dúirt an t-aingeal á freagairt: "Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air. Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid. Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia." Dúirt Muire: "Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir d'fhocail." Agus d'imigh an t-aingeal uaithi.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Dúirt an t-aingeal le Muire, ‘gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac.’ Níor iarr an t-aingeal ar Mhuire ‘an bhfuil tú toilteannach mac a bhreith?’ Seo mara thiocfaidh Dia chugainn freisin. Bíonn cúinsí inár saoil nach roghnaímid féin.
  • Níl ní ar bith dodhéanta ag Dia! In amanna dúshlánacha is maith an rud é a thabhairt chun cuimhne go bhfuil Dia i bhfeighil ár saol. Tarlaíonn gach rud de réir toil Dé. Tá ár ndóchas ann i gcónaí.

Comhrá

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cairde lena chéile.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha