User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-03-27

Láthair Dé

I mo shuí anseo dom, tugaim faoi deara
go bhfuil Dia ag amharc go grámhar orm
agus um' chothú i mo bheatha.
Déanaim machnamh air seo ar feadh tamaillín ghearr.

Saoirse

Deir Naomh Iognáid Loyola go múineann Dia mé
díreach mar a mhúineann múinteoir a dhalta.
Meabhraím dom féin go bhfuil Dia ag mo mhúineadh de shíor.
Iarraim grásta Dé chun cabhrú liom éisteacht
agus a ligean do Dhia mé a athrú, a mhúnlú agus a athmhúnlú.

Tabhair faoi deara

Conas atáim inniu? Maidir le Dia, conas atáim?
An bhfuilim buíoch as aon rud? Más' ea, gabhaim buíochas leis.
An bhfuil brón orm faoi aon rud? Más' ea, iarraim maithiúnas air.

Briathar Dé

Eoin 8:1-11

Agus chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.
Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis: "A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. D'ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?" Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d'éirigh sé suas agus dúirt leo: "An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi."Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d'éirigh sé suas agus dúirt leo: "An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi." Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh. Arna chlos sin dóibh d'imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. D'éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: "A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?" "Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail," ar sí. Dúirt Íosa léi: "Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach."

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Pheacaíomar uilig. Tá taithí againn uilig ar náire mhillteanach. Fiú mura bhfaightear an peaca amach, an guth a chuireann an milleán orainn féin, d’fhéadfadh sé bheith chomh hard sin go mbánn sé guth séimh Íosa, ag rá linn tosú arís.
  • Mura féidir linn creidiúint gur maitheadh dúinn féin, conas a bheimid in ann choíche bogadh amach as ‘ár gcaighinn’, mar a thug an fealsamh Ivan Illlich orthu, ‘a gcuirimid sinn féin iontu’?
  • A Thiarna, tusa a réitigh cluasa na mbodhar agus a rinne a súile do na daill, go gcloise mé focail do mhaithiúnais; go dtuige mé agus go gcreide mé go mb’fhéidir go mbeadh saol níos fearr ann.

Comhrá

Cad a bhíonn ag corraí ionam le linn dom a bheith ag guí?
An mbraithim sólás, dólás, brón, buairt?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí cóngarach dom.
Roinnim mo chuid rún leis.
Faighim faoiseamh agus suaimhneas.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha