User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-03-28

Láthair Dé

Tá Dia i mo chuideachta, ach níos mó ná sin, tá sé ionam.
Is é a thugann dom mo 'bheith ann'.
Cuimhním ar an Dia seo ionam a thugann beatha dom.
Tá Sé i mbualadh mo chroí, i dtuile agus trá m'anála,
i ngluaiseachtaí m'aigne, i mo shaol ar fad.

Saoirse

"Ní chreidfeadh crann mór gan chuma go bhféadfadh sé bheith ina dhealbh,
le meas ag a lán air mar éacht dealbhóireachta,
agus ní ghéillfeadh sé do shiséal an dealbhóra a aithníonn,
toisc gur ginias é, cad is féidir leis a chruthú as". (Naomh Iognáid)
Iarraim grásta Dé ligean do mo Chruthaitheoir mé a mhúnlú.

Tabhair faoi deara

Mairim i gcomhluadar – bainteach le nádúr, le daoine, le Dia.
Ag machnamh ar an gceangal seo
gabhaim buíochas as an mbeatha a shníonn tríothu.
Uaireanta bíonn briseadh: brón, fearg, díomá.
Cabhraigh liom a Dhia glacadh le cúrsaí faoi mar atá
agus maithiúnas a thabhairt.

Briathar Dé

Eoin 8:21-30

Dúirt Íosa leo arís:
"Tá mé ag imeacht
agus beidh sibh ar mo lorg,
agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca.
An áit ina bhfuilim ag dul,
ní féidir daoibhse teacht."
Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar á rá: "An amhlaidh go maróidh sé é féin ós rud é go ndúirt sé: 'An áit ina bhfuilimse ag dul, ní féidir daoibhse teacht ann'?" Lean sé air:
"Is ón áit thíos sibhse," ar sé leo,
"is ón áit thuas mise.
Is den saol seo sibhse,
ní den saol seo mise.
Uime sin a dúirt mé libh:
'Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.'
Mura gcreideann sibh gur mise é,
Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí."
Dúirt siad leis ansin: "Cé hé thú féin?" Dúirt Íosa leo:
"Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor?
Tá a lán agam le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh.
Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé
agus na nithe a chuala mé uaidh
is iad a labhraím sa saol.
Níor thuig siad go raibh sé ag tagairt don Athair sa chaint sin leo. Dúirt Íosa leo ansin:
“Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine,
ansin beidh a fhios agaibh gur mise é,
agus nach ndéanaim aon ní uaim féin,
ach gur mar a theagasc an tAthair dom
a labhraím na nithe seo.
An té a chuir uaidh mé,
tá sé in éineacht liom.
Níor fhág sé i m’aonar mé,
óir déanaim i gcónaí
na nithe is taitneamhach leis.”
Chreid a lán ann agus na nithe sin á rá aige.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Is iontas mistéireach é an gaol idir Íosa, agus é ar domhan, agus a Athair. Bhí lucht éisteachta an Mhic ón áit thíos, agus bhí seisean ón áit thuas, ó fhlaitheas a Athar. Bhí cumarsáid idir an tAthair agus an Mac a bhí go hiomlán dofheicthe. Tá saol mistéireach Íosa ar domhan go humhal fíorspéisiúil.
  • Is é an t-Athair an fhírinne uile agus is mar sin atá an Mac, nach labhraíonn ach an méid a d'fhoghlaim sé ó fhoinse gach ní. Bhí Íosa ag teacht go hiomlán lena Athair, ina smaointe agus i ngach a ndearna sé. Bhí an tsíocháin eatarthu iomlán agus diaga. Tá a fhios ag Íosa nach mbeidh a lucht leanúna in ann a thuiscint cérbh é go dtí go mbeidh sé ardaithe ar an gCros. Nochtann an chros Dia dúinn.
  • Níor fhág an tAthair Íosa ina aonar, bíonn sé i gcónaí leis. Aithníonn an Mac é seo, agus déanann sé i gcónaí pé rud a thaitníonn leis.

Comhrá

Cad a bhíonn ag corraí ionam le linn dom a bheith ag guí?
An mbraithim sólás, dólás, brón, buairt?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí cóngarach dom.
Roinnim mo chuid rún leis.
Faighim faoiseamh agus suaimhneas.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha