User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-03-29

Láthair Dé

Tá Dia i mo chuideachta, ach níos mó ná sin, tá sé ionam.
Moillim ar feadh nóiméid le cuimhneamh ar laithreacht seo Dé taobh istigh díom.
I mbualadh mo chroí, i dtuile agus trá m'anála, i ngluaiseachtaí m'aigne.
Anois! Agus mise i mo shuí anseo!

Saoirse

Deir Naomh Iognáid Loyola go múineann Dia mé
díreach mar a mhúineann múinteoir a dhalta.
Meabhraím dom féin go bhfuil Dia ag mo mhúineadh de shíor.
Iarraim grásta Dé chun cabhrú liom éisteacht
agus a ligean do Dhia mé a athrú, a mhúnlú agus a athmhúnlú.

Tabhair faoi deara

Chun a bheith ar an eolas faoi rud ní mór a bheith feasach ina thaobh. A Thiarna, cabhraigh liom a thabhairt chun cuimhne gur thug tú beatha dom. Buíochas le Dia as ucht tabhartas na beatha. Cabhraigh liom moilliú, a bheith suaimhneach agus taitneamh a bhaint as áilleacht an domhain a chruthaigh tú – áilleacht na timpeallachta, na sléibhte, suaimhneas an locha, aoibhneas phiotal an bhlátha. Ní mór dom smaoineamh a Dhia, gur uaitse a tháinig an uile ní.

Briathar Dé

Eoin 8:31-42

Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann:

“Má fhanann sibh ar mo bhriathar,beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre, agus beidh fios na fírinne agaibh, agus saorfaidh an fhírinne sibh.” D’fhreagair siad é: “De shíol Abrahám sinne é, agus ní rabhamar inár ndaoir ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: ‘Saorfar sibh’?” D’fhreagair Íosa iad: “Amen, Amen, a deirim libh, gach duine a dhéanann peaca, tá sé in a dhaor ag an bpeaca.

Ní fhanann an daor sa teach de shíor, ach fanann an mac de shíor. Má shaorann an mac sibh dá bhrí sin beidh sibh saor dáiríre. Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh, ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú, mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh. Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara m’Athair. Ach déanann sibhse na nithe a chuala sibh ó bhur n athair.” D’fhreagaír siad agus dúirt leis: “Is é Abrahám ár n athair.” Dúirt Íosa leo: “Más clann d’Abrahám sibh, déanaigí mar a rinne Abrahám. Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú, duine a labhair an fhírinne libh, faoi mar a chuala í ó m’Athair. Ní dhearna Abrahám é sin. Déanann sibhse obair bhur n athar féin.” Dúirt siad leis: “Níor gineadh sinne ó dhrúis. Aon athair amháin atá againn, Dia.” Dúirt Íosa leo: “Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh domsa. Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé;mar ní uaim féin a tháinig mé, ach chuir seisean uaidh mé.

 

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Cuireann Íosa béim ar an tábhacht a bhaineann le seasamh lena fhocal. Má dhéanann duine é seo, léiríonn sé gur dheisceabal fíor dá chuid é. Ciallaíonn sé go bhfuil an fhírinne ann – nó go bhféachann sé ar rudaí trí shúile Dé. Is ionann é sin agus a bheith saor ó gach calaois dorcha. Tá mórán mór anseo le machnamh air.
  • Bhí mearbhall ar éisteoirí Íosa maidir le bheith saor, mar shíl siad nach raibh siad riamh ina sclábhaithe. An freagra a thug sé dóibh, baineann sé linn uilig: “Gach duine a dhéanann peaca, tá sé ina dhaor ag an bpeaca”. Is éard is peaca ann go bunúsach ná gan glacadh leis, is é sin gan glacadh le Mac Dé.
  • Fiú má bhreathnaíonn siad ar Abrahám mar a n-athair spioradálta, taispeánann Íosa do na Giúdaigh nach bhfuil a spioradsan acu. Ní raibh siad in ann a thuiscint ar chor ar bith gur chuir an t-Athair Íosa chucu. Níor thuig siad a raibh i gceist faoi sin.

Comhrá

Cad a bhíonn ag corraí ionam le linn dom a bheith ag guí?
An mbraithim sólás, dólás, brón, buairt?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí cóngarach dom.
Roinnim mo chuid rún leis.
Faighim faoiseamh agus suaimhneas.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha