User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-03-30

Láthair Dé

Agus mé i mo shuí anseo, is comharthaí iad,
bualadh mo chroí, tuile agus trá m'anála, gluaiseachtaí m'aigne,
comharthaí go bhfuil Dia fós do mo chruthú.
Moillim ar feadh nóiméid, agus tógaim faoi ndeara
Láithreacht seo Dé istigh ionam.

Saoirse

Iarraim an grásta ar Dhia chun a bheith ábalta
mo chúraimí féin a scaoileadh uaim;
ionas go mbeinn oscailte do Dhia féin,
don méid atá seisean ag iarraidh ormsa.
Mar sin ligfidh mé do Dhia mo bheatha a stiúrú agus a mhunlú.

Tabhair faoi deara

I láthair mo Chruthaitheora caithim súil go macánta
ar na mothúcháin a bhí agam ar feadh an lae,
na buaic agus na bun phointí agus an talamh cothrom.
An féidir liom a thuiscint cá raibh an Tiarna?

Briathar Dé

Eoin 8:51-59

"Amen, Amen, a deírim libh,
má choinníonn aon duine mo bhriatharsa
ní fheicfidh sé bás choíche.”
Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’ An ea gur mó thusa ná ár n athair Abrahám atá marbh? Agus na fáithe freisin, tá siad marbh. Cé tá tú a dhéanamh díot féin?”
D’fhreagair Íosa:
“Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin,
ba neamhní mo ghlóir.
Is é m’Athair a dhéanann mé a ghloiriú,
an té a ndeir sibhse mar gheall air:
‘Is é ár nDia é.’
Ach níl aithne agaibh air.
Tá aithne agamsa air, áfach.
Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’
bheinn cosúil libhse, bréagach.
Ach tá aithne agam air,
agus coinním a bhriathar.
Rinne Abrahám bhur n athair lúcháir
go bhfeicfeadh sé mo lá sa.
Chonaic, agus bhí áthas air.”
Ansin dúirt na Giúdaigh leis: “Níl tú caoga bliain d’aois fós agus an bhfaca tú Abrahám?” Dúirt Íosa leo:“Amen, Amen, a deirim libh,
sula raibh Abrahám ann,
táimse ann.”
Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d’fholaigh Íosa é féin agus d’imigh amach as an Teampall.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • An té a choinníonn focal Dé, ní bhfaighidh sé bás – is é sin, ní dhéanfar é a scriosadh choíche. Níorbh fhéidir lena chuid éisteoirí glacadh leis na focail seo ach ní dúirt siad gur mhaith leo go míneofaí níos mó dóibh. Bhí mearbhall orthu agus dúirt siad go bhfuair Abrahám fiú bás. Ní raibh aigne ionraic acu chun rudaí a fhoghlaim. Cháin siad Íosa fiú, ag rá “Cé tá tú a dhéanamh díot féin?”
  • Ba cheart go gcuirfí an focal “glóir” ar ár n-airdeall i gcónaí. Ciallaíonn sé an nochtadh ar mhaitheas nó ar áilleacht Dé ar bhealach éigin. Tugann an t-Athair glóir d’Íosa, ós rud é gurb é a dhiagacht a léiríonn an Mac. Agus é sin á dhéanamh, glóiríonn an Mac an t-Athair.
  • Ní fhéadfadh na Giúdaigh saol uathúil Íosa a thuiscint ar chor ar bith . Bhí a chaidreamh le Dia an tAthair ródheacair dóibh. Caithfimid iarracht a dhéanamh rúndiamhair Dé a thuiscint.

Comhrá

Tosaím ag déanamh comhrá le hÍosa
faoin sliocht scrioptúir atá díreach léite agam.
Cén chuid de a théann i bhfeidhm orm?
Comhrá le cara b’fhéidir, nó scéal éigin a chuala mé ó chianaibh.
B’fhéidir go bhfuil teachtaireacht sa scéal dom faoin sliocht scrioptúir.

 

 

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha