User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-03-31

Láthair Dé

Moillim ar feadh tamaill ag smaoineamh ar an ngrá atá ag Dia dom.
Dóirteann Dia a ghrásta go fial orm.
Chruthaigh Dia mé ina dheilbh fhéin
agus déanann sé teampall Dé díom.

Saoirse

An rud is mó a chuireann bac orm i dtaobh saoirse 
ná an claonadh atá ionama bheith gafa le mianta 
nó cuspóirí áirithe a shroicheadh – eagla, dóchas agus uaillmhian.
Cuirim srian ar an tsaoirse ionam chun fás agus forbairt a iniúchadh.
Iarraim ar Dhia cabhrú liom chun an tsaoirse ionam féin a aithint
agus chun glacadh le dúshláin nua
a threoróidh mé ar chúrsa de réir toil Dé.

Tabhair faoi deara

Tá scíste ó chúraimí an lae riachtanach dúinn go léir.
Tuigimid go gcaithfidh ár gcoirp sos a fháil.
Nuair a bhímid i gcomhluadar Dé ardaítear ár spiorad
agus braithimid suaimhneas croí agus aigne.

Briathar Dé

Eoin 10:31-42

Ansin thóg na Giúdaigh clocha le caitheamh leis. D'fhreagair Íosa iad: "Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó m'Athair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?" D'fhreagair na Giúdaigh é: "Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine." D'fhreagair Íosa iad: "Nach bhfuil sé scríofa in bhur ndlí, 'Dúirt mé: Is déithe sibh' Má thug sé déithe orthu siúd ar labhraíodh briathar Dé leo, agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní, an té a naomhaigh an tAthair, agus a chuir sé uaidh sa saol, an ndeir sibhse leis: 'Sin diamhasla agat!' mar gur dhúirt mé: 'Is mé Mac Dé'? Mura ndéanaim oibreacha m'Athar, ná creidigí mé. Ach má dhéanaim, fiú amháin mura gcreideann sibh mé, creidigí sna hoibreacha, I dtreo go mbeadh a fhios agaibh, agus go dtuigfeadh sibh, go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair."Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil ansin, ach d’éalaigh sé óna lámha. Agus d’imigh sé leis arís sall thar Iordáin, go dtí an áit ina raibh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus d’fhan sé ann. Agus tháinig na sluaite chuige agus deiridís: “Ní dhearna Eoin aon mhíorúilt, ach na nithe go léir a dúirt Eoin mar gheall ar an duine seo, b’fhíor dó iad.” Agus chreid a lán ansiúd ann.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Fál go haer a bhí ann do na Giúdaigh maidir le beatha Íosa. Cén chaoi a bhféadfadh duine a thabhairt le fios gur Dhia é féin? Caithfidh gach duine againn machnamh ar an réaltacht chéanna: Dia agus fear in aon phearsa amháin. Ba ghá dóibh foghlaim agus a bheith oscailte do ghrásta diaga. Ach chuir a gcuid eolais teoranta bac orthu.
  • Léirigh na míorúiltí a rinne Íosa go raibh rud éigin speisialta faoi. Ba iad a thug an t-Athair dó a dhéanamh. Ba léiriú ar chaidreamh mistéireach iad – go bhfuil an tAthair ann agus go bhfuio seisean san Athair. D’éiligh an t-eolas seo iontas agus alltacht. Nach ndiúltaímid láithreach agus nach mbímid mall ag foghlaim?
  • Is féidir le hÍosa a rá gurb aon eisean agus an tAthair, agus fós tá siad difriúil. “Is mó an tAthair ná mise” (Eoin 14:28).

Comhrá

Cad a bhraithim le linn dom a bheith ag guí?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim rún mo chroí dó.

 

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha