Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann. Ach d’imigh cuid acu go dtí na Fairisínigh agus d’inis siad dóibh cad a rinne Íosa. Thionóil na hardsagairt agus na Fairisínigh comhairle agus dúirt siad: “Cad atá á dhéanamh againn? Óir tá a lán míorúiltí á ndéanamh ag an duine seo. Má ligimid leis mar seo creidfidh cách ann agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n áit [naofa] agus ár gcine.” Ach aon duine amháin acu, Cáiafas, ardsagart na bliana sin, dúirt sé leo: “Ní fios daoibh rud ar bith, ná ní thuigtear daoibh gur fearr aon duine amháin a fháil bháis ar son an phobail, ná an cine go léir a dhul ar ceal.” Ní uaidh féin a dúirt sé é seo, ach mar gurbh é an t ardsagart é don bhliain sin, rinne sé tairngreacht go raibh Íosa chun bás a fháil ar son an chine, agus ní ar son an chine amháin é, ach chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe. Ón lá sin amach bhí sé beartaithe acu é a chur chun báis. Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach d’imigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráim, agus d’fhan sé ansiúd fara a dheisceabail. Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú. Bhí siad ag lorg Íosa dá bhrí sin agus deiridís le chéile agus iad ina seasamh sa Teampall: “Cad is dóigh libh? An amhlaidh nach dtiocfaidh sé chun na féile?”