Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart agus dúirt: “Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?” Chomhair siad amach chuige tríocha píosa d’airgead geal. Agus ón uair sin amach bhí sé ag faire ar a dheis chun é thabhairt ar láimh.
Ar an gcéad lá d’fhéile an tslimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?” “Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá m’uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’”Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus d’ullmhaigh siad an Cháisc.
Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal. Agus le linn dóibh bheith ag ithe, dúirt: “Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.” Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: “An mise é, a Thiarna?” D’fhreagair sé: “Duine a thum a lámh sa mhias i mo theannta,” ar seisean, “sin é a dhéanfaidh mé a bhrath. Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B’fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.” D’fhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.”