User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-05-23

Láthair Dé

Moillim ar feadh tamaill ag smaoineamh ar an ngrá atá ag Dia dom.
Dóirteann Dia a ghrásta go fial orm.
Chruthaigh Dia mé ina dheilbh fhéin
agus déanann sé teampall Dé díom.

Saoirse

Tá sé fuirist a bheith gafa le cúraimí an tsaoil
agus le háirgí saolta.
Cabhraigh liom, a Thiarna, gan a bheith santach ná leithleasach.
Meabhraigh dom go bhfuil na nithe is fearr saor in aisce
- grá, gáire agus roinnt lena chéile.

Tabhair faoi deara

Conas atáim ionam féin inniu?
An bhfuilim tuirseach?
An bhfuilim faoi strus?
An bhfuil drochfhonn orm?
Má tá aon cheann acu seo ag déanamh tinnis dom,
an féidir liom scaoileadh leis na buarthaí seo?

Briathar Dé

Eoin 17:1-11

Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé:
“A Athair, tá an uair tagtha.
Tabhair glóir do do Mhac,
ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit:
faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine,
ionas, gach duine a thug tú dó,
go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.
Is í seo an bheatha shíoraí:
iad a chur aithne ortsa, an t aon Dia fírinneach amháin,
agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.
Thug mise glóir duit ar talamh;
tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.
Agus anois mar sin, a Athair,
tabhair sé glóir domsa i do láthair
leis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair,
sula raibh an domhan ann.
D’fhoilsigh mé d’ainm
do na daoine a thug tú dom as an saol;
ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad,
agus tá do bhriathar coinnithe acu.
Tá a fhios acu anois gur uaitse,
gach ní dár thug tú dom;
óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad,
agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor
gur uaitse a tháinig mé,
agus chreid siad gur tú a chuir uait mé.
Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil
atáim ag guí ach ar son na muintire
a thug tú dom, mar is leatsa iad.
Leatsa gach ní is liomsa
agus liomsa gach ní is leatsa,
agus tá glóir faighte agam iontu.
Nílim ar an saol feasta
ach tá siadsan ar an saol
agus táim ag dul ag triall ortsa.
A Athair naofa coinnigh iad i d’ainm –
an t ainm a chuir tú faoi mo chúram,
ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • An fhad is atá puth anála fágtha ionainn, tá saothar le cur dinn ar talamh chun glóir a thabhairt do Dhia. Bímis ina bhun chomh luath in Éirinn agus is féidir, agus dá dhéanaí féin é tugadh muid faoi. Cén saothar a nglaonn an Tiarna orm le dul ina bhun inniu?
  • Go fiú más dána uaim é a rá, bogann a bhfuil ráite sa sliocht seo mé chun a ghuí go ndéanfar Dia na cruinne a ghlóiriú tríomsa.

Comhrá

A Íosa, labhraíonn tú liom trí chomhrá na soiscéal.
Déanfaidh mé mo dhícheall freagra a thabhairt ar ghlaoch Dé.
Cabhraigh liom saothar do láimhe a aithint i ngnáthimeachtaí an lae.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha