Nílim ar an saol feasta ach tá siad san ar an saol agus táim ag dul ag triall ortsa. A Athair naofa coinnigh iad i d'ainm - an t ainm a chuir tú faoi mo chúram,ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne. Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i d'ainm - an t ainm a chuir tú faoi mo chúram ,agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr. Ach anois táim ag teacht ag triall ort, agus tá an chaint seo á rá agam ar an saol, ionas go mbeadh an lúcháir is liomsago hiomlán acu iontu féin. Thug mé dóibh do bhriathar, agus thug an saol fuath dóibh, óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise. Nílim á ghuí go dtógfá as an saol iad, ach go gcoinneofá ón Olc iad. Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise. Déan iad a naomhú san fhírinne. Is fírinne do bhriathar. Faoi mar a chuir tusa mise uait isteach sa saol, chuir mise iad san isteach sa saol. Naomhaím mé féin ar a son, ionas go mbeidh siadsan, chomh maith, naomhaithe san fhírinne.