User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-05-25

Láthair Dé

Tá Dia i mo chuideachta, ach níos mó ná sin, tá sé ionam.
Is é a thugann dom mo 'bheith ann'.
Cuimhním ar an Dia seo ionam a thugann beatha dom.
Tá Sé i mbualadh mo chroí, i dtuile agus trá m'anála,
i ngluaiseachtaí m'aigne, i mo shaol ar fad.

Saoirse

Ní mór dom an fothram a dhúnadh amach,
gan aird a thabhairt air -
fothram a chuireann isteach orm,
a loiteann an ciúnas agus an tsíocháin.
Ní mór dom éisteacht le Dia.

Tabhair faoi deara

I láthair mo Chruthaitheora,
féachaim go macánta ar mo mhothúcháin i rith an lae
- na buaiceanna, na pointí ísle agus an gnáthlá.
Cá raibh Dia i láthair?

Briathar Dé

Eoin 17:20-24

Ní ar a son san amháin atáim ag guí,
ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine
a chreidfidh ionam trína mbriathar;
ionas go mba aon iad go léir,
faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa
agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé. Agus an ghlóir a thug tú dom,
thug mise dóibhsean é,
ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne;
mise iontu san, agus tusa ionam sa,
ionas go mba aon iad go foirfe,
agus go mbeadh a fhios ag an saol
gur chuir tú uait mé,
agus gur thug tú grá dóibh seo
faoi mar a thug tú grá domsa.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • An ghuí sin a rinne Íosa “gurb aon iad go léir”, is féidir míchiall a bhaint aisti. An “aontacht” seo, tá sí i bhfad níos fairsinge agus níos doimhne ná comhionannas, ná an creideamh céanna a bheith á admháil ag daoine agus na deasgnátha reiligiúnach céanna a bheith á gcleachtadh acu. Is caidreamh aontachta atá i gceist ag Íosa ina dtugtar agus ina bhfaightear grá, agus gur grá é a chuimsíonn an éagsúlacht. Bíodh gur aon iad Íosa agus an tAthair, fós is pearsana sainiúla astu féin iad. Bíodh gur aon iad na deisceabail agus Íosa, coimeádann siad a gcéannacht agus a n-indibhidiúlacht féin.
  • Cuidigh liom, a Thiarna, chun go dtuigfidh mé nach gcuirtear ar ceal sainiúlacht agus difear na bpearsan sa ghrá ach nach ionann sin is siosma.

Comhrá

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena chéile.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha