Láthair Dé
Moillim ar feadh nóiméid i láthair Dé.
Tá Dia timpeall orm, tá sé i ngach ball dem' chorp.
Tá sé i ndoimhneacht mo chroí.
Moillim ar feadh nóiméid i láthair Dé.
Tá Dia timpeall orm, tá sé i ngach ball dem' chorp.
Tá sé i ndoimhneacht mo chroí.
"Is beag duine a aithníonn an áilleacht a chruthódh Dia
dá ligfidis dó iad a mhúnlú." (Naomh Iognáid)
Iarraim grásta Dé muinín iomlán a bheith agam as a ghrá.
Conas a bhraithim i ndáiríre?
éadromchroíoch nó tromchroíoch?
seans go bhfuilim síochánta, sona sásta.
Nó b’fhéidir go bhfuil easpa dóchais ionam,
nó buartha, nó feargach.
Aithním conas mar atáim i ndáiríre.
Gránn Dia mé díreach mar atáim.
Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar: "A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion sa orm ná a gcion seo?" "Sea, a Thiarna," ar seisean leis, "is eol duit go bhfuil grá agam duit." Dúirt Íosa leis: "Déan m'uain a chothú." Dúirt sé leis an dara huair: "A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?" "Tá, a Thiarna," ar seisean leis, "tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit." Dúirt sé leis: "Déan mo chaoirigh a aoireacht." Dúirt sé leis an tríú huair: "A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?" Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: "An bhfuil grá agat dom?" Agus dúirt sé leis: "A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit." Dúirt Íosa leis: "Déan mo chaoirigh a chothú." "Amen, Amen, a deirim leat. Nuair a bhí tú níos óige, chuirteá féin do chrios umat, agus shiúltá san áit ba thoil leat; ach nuair a thiocfaidh an aois ort, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile do chrios umat, agus seolfaidh sé thú san áit nach toil leat." Dúirt sé an méid sin lena chur in iúl cad é an sort báis lena dtabharfadh sé glóir do Dhia. Agus nuair a bhí an méid sin ráite aige dúirt sé: "Lean mise."
Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cairde lena chéile.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.