User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-05-27

Láthair Dé

Agus mé i mo shuí anseo, is comharthaí iad,
bualadh mo chroí, tuile agus trá
m'anála, gluaiseachtaí m'aigne,
comharthaí go bhfuil Dia fós do mo
chruthú.
Moillim ar feadh nóiméid, agus tógaim faoi ndeara
Láithreacht seo
Dé istigh ionam.

Saoirse

"Ní chreidfeadh crann mór gan chuma go bhféadfadh sé bheith ina dhealbh,
le meas ag a lán air mar éacht dealbhóireachta,
agus ní ghéillfeadh sé do shiséal an dealbhóra a aithníonn,
toisc gur ginias é, cad is féidir leis a chruthú as". (Naomh Iognáid)
Iarraim grásta Dé ligean do mo Chruthaitheoir mé a mhúnlú.

Tabhair faoi deara

I láthair mo Chruthaitheora caithim súil go macánta
ar na mothúcháin a bhí agam ar feadh an lae,
na buaic agus na bun phointí agus an talamh cothrom.
An féidir liom a thuiscint cá raibh an Tiarna?

Briathar Dé

Eoin 21:20-25

D’iompaigh Peadar agus chonaic sé á leanuint an deisceabal ar thug Íosa grá dó, an té a luigh ar a ucht ag an suipéar agus a dúirt: “A Thiarna, cé atá chun tú a bhrath?” Nuair a chonaic Peadar é sin dá bhrí sin, dúirt sé le Íosa: “Cad mar gheall air seo?” Dúirt Íosa leis: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean sa mise.” Bhí sé ina scéal reatha dá bhrí sin i measc na mbráithre nach bhfaigheadh an deisceabal sin bás. Ach níor dhúirt Íosa leis: “Ní bhfaighidh sé bás”; ach: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?” Sin é an deisceabal a thugann fianaise i dtaobh na nithe sin, agus a scríobh na nithe sin agus tá a fhios againn gur fíor í a fhianaise. Tá a lán nithe eile a rinne Íosa agus dá scríofaí iad ina gceann is ina gceann, ní bheadh, dar liom, slí ar domhan féin do na leabhair a bheadh á scríobh.

 

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Cad mar gheall air seo? a dúirt Peadar. An bhfuil rian den iompairc siblíní anseo, fiosracht éadmhar? Tá achasán i bhfreagra Íosa: Cad é sin duitse?
  • A Thiarna, an bhfásfaidh mé amach go deo as an mothú iompairc seo, an fonn mé féin a chur i gceist i lár an chomhluadair? Lig do do ghrá sileadh tríom ar dhóigh a bheidh neamhleithleach.

Comhrá

Cad a bhíonn ag corraí ionam le linn dom a bheith ag guí?
An mbraithim sólás, dólás, brón, buairt?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí cóngarach dom.
Roinnim mo chuid rún leis.
Faighim faoiseamh agus suaimhneas.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha