Láthair Dé
Ag am ar bith den lá is féidir linn glaoch ar Íosa.
Bíonn sé ag fanacht de shíor, ag tnúth le glaoch uainn.
Nach iontach an bheannacht í sin -
díreach cogar uainn agus bímid i gcomhluadar a chéile.
Ag am ar bith den lá is féidir linn glaoch ar Íosa.
Bíonn sé ag fanacht de shíor, ag tnúth le glaoch uainn.
Nach iontach an bheannacht í sin -
díreach cogar uainn agus bímid i gcomhluadar a chéile.
An rud is mó a chuireann bac orm i dtaobh saoirse
ná an claonadh atá ionama bheith gafa le mianta
nó cuspóirí áirithe a shroicheadh – eagla, dóchas agus uaillmhian.
Cuirim srian ar an tsaoirse ionam chun fás agus forbairt a iniúchadh.
Iarraim ar Dhia cabhrú liom chun an tsaoirse ionam féin a aithint
agus chun glacadh le dúshláin nua
a threoróidh mé ar chúrsa de réir toil Dé.
I láthair mo Chruthaitheora,
féachaim go macánta ar mo mhothúcháin i rith an lae
- na buaiceanna, na pointí ísle agus an gnáthlá.
Cá raibh Dia i láthair?
Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: "Síocháin daoibh!" Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. Dúirt Íosa leo ansin arís: "Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin." Arna rá sin dó, d'análaigh sé orthu agus dúirt leo: "Glacaigí an Spiorad Naomh. Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh; na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe."
I gcomhrá bíonn caint agus éisteacht i gceist.
Chomh maith le bheith ag caint le hÍosa ní mór dom a bheith socair agus éisteacht le hÍosa.
Samhlaím séimhe ina shúile le linn dó a bheith ag féachaint orm go grámhar, lúcháireach.
Is féidir liom a bheith macánta le hÍosa le linn dom mo chúraimí agus mo bhuarthaí a scaoileadh leis ó íochtar mo chroí.
Iarraim ar Íosa cabhrú liom mo mhuinín a chur ann go hiomlán toisc go dtuigim go dtugann sé an rud is fearr dom i gcónaí.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.