Láthair Dé
I mo shuí anseo dom, tugaim faoi deara
go bhfuil Dia ag amharc go grámhar orm
agus um' chothú i mo bheatha.
Déanaim machnamh air seo ar feadh tamaillín ghearr.
I mo shuí anseo dom, tugaim faoi deara
go bhfuil Dia ag amharc go grámhar orm
agus um' chothú i mo bheatha.
Déanaim machnamh air seo ar feadh tamaillín ghearr.
Ní mór dom an fothram a dhúnadh amach,
gan aird a thabhairt air -
fothram a chuireann isteach orm,
a loiteann an ciúnas agus an tsíocháin.
Ní mór dom éisteacht le Dia.
Chun a bheith ar an eolas faoi rud ní mór a bheith feasach ina thaobh. A Thiarna, cabhraigh liom a thabhairt chun cuimhne gur thug tú beatha dom. Buíochas le Dia as ucht tabhartas na beatha. Cabhraigh liom moilliú, a bheith suaimhneach agus taitneamh a bhaint as áilleacht an domhain a chruthaigh tú – áilleacht na timpeallachta, na sléibhte, suaimhneas an locha, aoibhneas phiotal an bhlátha. Ní mór dom smaoineamh a Dhia, gur uaitse a tháinig an uile ní.
Óir níl crann maith a thugann drochthoradh, ná fós drochchrann a thugann toradh fónta. Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear fígí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog. Tógann an dea dhuine an dea rud amach as dea stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal. Ach cad chuige a nglaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna,’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim?
“Gach aon duine a thagann chugam agus a chluineann mo bhriathra agus a dhéanann dá réir, taispeánfaidh mé daoibh cé leis a bhfuil sé cosúil. Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sé é bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha.
“An té, áfach, a chuala agus nach ndearna, tá sé cosúil le fear a thóg teach ar an talamh gan bonn faoi, gur bhrúcht an tuile ina choinne, agus thit ar a chéile láithreach; agus ba mhór é treascairt an tí sin.”
Tosaím ag déanamh comhrá le hÍosa
faoin sliocht scrioptúir atá díreach léite agam.
Cén chuid de a théann i bhfeidhm orm?
Comhrá le cara b’fhéidir, nó scéal éigin a chuala mé ó chianaibh.
B’fhéidir go bhfuil teachtaireacht sa scéal dom faoin sliocht scrioptúir.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.