User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-09-17

Láthair Dé

Moillim ar feadh nóiméid i láthair Dé.
Tá Dia timpeall orm, tá sé i ngach ball dem' chorp.
Tá sé i ndoimhneacht mo chroí.

Saoirse

"Is beag duine a aithníonn an áilleacht a chruthódh Dia
dá ligfidis dó iad a mhúnlú." (Naomh Iognáid)
Iarraim grásta Dé muinín iomlán a bheith agam as a ghrá.

Tabhair faoi deara

Chun a bheith ar an eolas faoi rud ní mór a bheith feasach ina thaobh. A Thiarna, cabhraigh liom a thabhairt chun cuimhne gur thug tú beatha dom. Buíochas le Dia as ucht tabhartas na beatha. Cabhraigh liom moilliú, a bheith suaimhneach agus taitneamh a bhaint as áilleacht an domhain a chruthaigh tú – áilleacht na timpeallachta, na sléibhte, suaimhneas an locha, aoibhneas phiotal an bhlátha. Ní mór dom smaoineamh a Dhia, gur uaitse a tháinig an uile ní.

Briathar Dé

Matha 18:21-35

Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: "A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m'aghaidh? Go dtí seacht n-uaire?" Dúirt Íosa leis: "Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód. "Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach. Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air. Agus ó tharla gan an t-íoc a bheith aige, d'ordaigh an maistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t-íoc a dhéanamh. Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: 'Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t-iomlán leat.' Agus le barr trua, scaoil máistir an tseirbhísigh sin uaidh é agus mhaith na fiacha dó. Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: 'Íoc a bhfuil amuigh ort!' Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: 'Bíodh foighne agat liom,' ar seisean, 'agus íocfaidh mé leat é.' Ach níorbh áil leis siúd é gan dul agus é theilgean i bpríosún nó go n-íocfadh sé na fiacha. Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh an méid sin, ghabh buaireamh mór iad, agus chuaigh siad ag insint an scéil ar fad dá máistir. Chuir an máistir fios air: 'A sheirbhísigh mhallaithe,' ar seisean, 'mhaith mé féin duitse na fiacha úd ar fad mar go ndearna tú achainí orm. Nár cheart go ndéanfása mar an gcéanna trócaire ar do chomhsheirbhíseach faoi mar a rinne mise trócaire ort?' Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n-íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán. Sin é freisin mar a dhéanfaidh m'Athair neamhaí libhse mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí."

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • ‘Cé a deir daoine mise? . . . Ach cé a deir sibhse mise?’ Bíonn rúndiamhair ann i gcónaí i dtaobh Íosa de. An freagra s’agamsa ar a cheist ná go mbeidh mé tiomanta dó de réir mar a thuigim é.
  • Is é an rúndiamhair is mó faoi Íosa, b’fhéidir, ná go gceanglíonn sé a fhulaingt ar an gCrois lena mhisean. Bhí sé chomh tábhachtach sin dó gurbh olc, dar leis, aon iarracht a rinneadh chun a intinn a athrú. Iarracht ó Shátan ab ea í. Iarraim an grásta an rúndiamhair seo a thuiscint níos fearr agus go mbeinn toilteanach Íosa a leanúint trí dhiúltú dom féin agus mo chros féin a iompar.

Comhrá

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cáirde lena chéile.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha